Cuardaigh

Ceannairc Bheag Bídeach

Tá Ceannairc Bheag Bídeach 2025 dúnta.

Is tionscnamh ceannródaíoch de chuid Oifig Ealaíon Chontae na Gaillimhe é Ceannairc Bheag Bídeach a thugann deis do dhéagóirí tacaíocht a fháil ó mheantóir gairmiúil chomh maith le buiséad léirithe chun cabhrú leo a gcuid smaointe ealaíonta a bhaint amach. Is féidir le déagóirí smaoineamh a chur isteach a dhíríonn ar chleachtais chruthaitheacha amhail drámaíocht, amharc-ealaín, damhsa, scannánaíocht, sorcas, scríbhneoireacht, meáin dhigiteacha, graifítí, ceol etc.

 

Tabharfar meantóir gairmiúil ar ealaíontóir é/í féin, buiséad agus tacaíocht phraiticiúil ó Sparkcatchers! do na healaíontóirí óga a roghnófar. Ag an deireadh cuirfear seóthaispeántas ar siúl ag imeacht ealaíon do leanaí agus do dhaoine óga i mí Meán Fómhair.

Is Sparkcatchers! iad Jojo Hynes agus Midie Corcoran; ealaíontóirí, léiritheoirí, déantóirí féilte agus daoine ar mhaith leo cur isteach ar an ngnáthrud iad a oibríonn le daoine óga chun ealaín den scoth a chruthú. Leanann an glaoch amach seo tionscadal darb ainm Ceannairc Bheag Bídeach agus thug Broei, tionscadal san Ísiltír, inspioráid dó.

Is é an dáta deiridh le haghaidh iarratas ná meán lae ar an 01 Aibreán 2025. 

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Ceannairc Bheag Bídeach 2025 más fíor na nithe seo a leanas:

  • Tá tú idir 13 agus 17 mbliana d'aois.
  • Is ealaíontóir óg thú agus tá smaoineamh le haghaidh tionscadail chruthaithigh agat ar mhaith leat a bhaint amach. Nó, tá tú mar chuid de ghrúpa déagóirí a bhfuil smaoineamh acu tionscadal cruthaitheach is mian leo a bhaint amach le chéile.
  • Tá tacaíocht á lorg agat chun do chuid aislingí cruthaitheacha a bhaint amach.
  • Tá smaoineamh agat a dhíríonn ar chleachtais chruthaitheacha amhail drámaíocht, amharc-ealaín, damhsa, scannánaíocht, sorcas, scríbhneoireacht, meáin dhigiteacha, graifítí, ceol etc
  • Tá meantóir ealaíon, comhairle léirithe agus buiséad uait chun do smaoineamh a bhaint amach.
  • Ba mhaith leat go bhfeicfidh lucht féachana do smaoineamh ag seótaispeántas deiridh mar chuid d'imeacht ealaíon do leanaí agus do dhaoine óga.
  • Tá tú i do chónaí i gContae na Gaillimhe nó tá do ghrúpa lonnaithe i gContae na Gaillimhe. Ní féidir le hiarratasóirí atá ina gcónaí nó atá lonnaithe i gCathair na Gaillimhe iarratas a chur isteach.

Cad a gheobhaidh na hiarratasóirí a n-éireoidh lena gcuid smaointe?

  • Beidh daoine óga i gceannas ar an bpróiseas cruthaitheach. Gheobhaidh tú spreagadh, treoir agus tacaíocht léirithe chun cur le do smaoineamh tosaigh.
  • Meantóireacht ó ealaíontóir gairmiúil chun cabhrú leat an tionscadal a bhaint amach.
  • Tacaíocht airgeadais a chabhróidh leat le hábhair, taisteal, trealamh agus le do smaoineamh a fhíorú.
  • Le linn An Ceannairc Bheag Bídeach, tabharfaidh Jojo agus Midir, Léiritheoirí Cruthaitheacha An Ceannairc Bheag Bídeach, comhairle phraiticiúil agus tacaíocht bhuiséid duit.
  • Cuirfear do smaoineamh san áireamh i seóthaispeántas a bheidh ar siúl ag imeacht ealaíon do leanaí agus do dhaoine óga i mí Dheireadh Fómhair.

Conas a dhéanaim iarratas?
Is é an dáta deiridh le haghaidh iarratas ná 12 meán lae, 1 Aibreán, 2025.
Tá foirmeacha iarratais Gaeilge & Béarla agus foirmeacha Google ar na Sparkcatchers suíomh gréasáin: www.sparkcatchers.org/tiny-mutiny-25
Ceisteanna ar bith le do thoil seol ríomhphost chuig Jojo & Midie: sparkcatchers.info@gmail.com