Ar an 1 Iúil 2019, thug an rialtas rialacháin phleanála nua isteach le haghaidh ligean gearrthéarmach faoin Acht um Thionóntachtaí Cónaithe (Leasú) 2019 agus reachtaíocht ghaolmhar. Cruthaíodh na rialacháin nua mar gheall ar bhrúnna méadaitheacha i margadh cíosa príobháideach na hÉireann, agus tá sé mar aidhm acu tithe a thabhairt ar ais chuig an margadh cíosa fhadtéarmaigh i gceantair ina bhfuil éileamh ard ar thithe, ar a dtugtar Criosanna Brú Cíosa (CBCanna)
Ní dhéanann na socruithe nua difear ar bith do ligean gearrthéarmach i gceantair lasmuigh de na criosanna brú cíosa ainmnithe.
Faoi na socruithe nua, tá feidhm ag na míreanna seo a leanas i gcriosanna brú cíosa;
- Sainmhínítear ligean gearrthéarmach mar ligean tí nó árasáin, nó cuid de theach nó árasán, ar feadh aon tréimhse nach mó ná 14 lá.
- Leanfaidh comhroinnt tí (ligean seomra nó seomraí i bpríomháit chónaithe phríobháideach duine) de bheith ceadaithe ar bhonn neamhshrianta agus beidh siad díolmhaithe ó na ceanglais phleanála nua.
- Ceadófar do chomhroinnteoirí tí a bpríomháit chónaithe phríobháideach iomlán (teach nó árasán) a ligean ar foléas ar bhonn gearrthéarmach ar feadh tréimhse charnach 90 lá i gcás nach bhfuil siad ina dteach féin ar feadh tréimhse sealadaí.
- I gcás ina sárófar an tairseach 90 lá, beidh cead pleanála um athrú úsáide ag teastáil
Má roinneann tú do phríomháit chónaithe phríobháideach i gcrios brú cíosa agus más mian leat leas a bhaint as na díolúintí pleanála nua, beidh ort é sin a chlárú le d’údarás áitiúil agus oibleagáidí tuairiscithe sonraithe a chomhlíonadh.
Mar sin féin, i gcás ina bhfuil teach i gcrios brú cíosa ag duine nach í a bpríomháit chónaithe phríobháideach agus go bhfuil sé beartaithe acu í a ligean ar cíos le haghaidh críocha ligean gearrthéarmacha, beidh orthu iarratas a dhéanamh ar chead pleanála um athrú úsáide mura bhfuil cead pleanála sonrach ag an teach cheana féin le húsáid chun críocha turasóireachta nó ligean gearrthéarmacha.