Cuardaigh

Tagann Grúpaí Bailte Slachtmhara na Gaillimhe le chéile chun cur leis an líon bonn atá ag an gcontae

Tháinig grúpaí Bailte Slachtmhara ó gach cearn de Chontae na Gaillimhe le chéile le haghaidh seimineáir, arna eagrú ag Comhairle Chontae na Gaillimhe, chun smaointe a roinnt, tacaíochtaí nua a fhiosrú, agus cur le seasamh láidir an chontae i gcomórtas náisiúnta na bliana seo.

Bhí an ócáid ar siúl in Óstán an Oranmore Lodge Déardaoin, an 19 Samhain, agus bhí 25 ghrúpa Bailte Slachtmhara i láthair. Tháinig oibrithe deonacha ó phobail ar fud Chontae na Gaillimhe le chéile chun eispéiris a roinnt, smaointe a mhalartú, agus eolas a fháil faoi na tacaíochtaí atá ar fáil dóibh.

Pléadh rannpháirtíocht an phobail, inbhuanaitheacht, gníomhú ar son na haeráide, bithéagsúlacht, deontais feabhsúcháin chomhshaoil agus Mórtas Áite sa seimineár, agus bhí Comhairle Chontae na Gaillimhe agus Ollscoil na Gaillimhe ina rannpháirtithe ann.

Bhain Contae na Gaillimhe dhá bhonn óir amach i gcomórtas na mBailte Slachtmhara SuperValu 2026, agus fuair an Mhainistir agus Baile an Mhuilinn aitheantas as an obair a rinne siad. Bhuaigh Droichead an Chláirín agus Béal Átha Ghártha Bonn Airgid, agus bronnadh Bonn Cré-umha ar Órán Mór agus Tuaim.

Ainmníodh an Mhainistir mar bhuaiteoir foriomlán an chontae agus mar an Sráidbhaile is Slachtmhaire. Tugadh aitheantas náisiúnta breise d’Áth Cinn, Béal Átha Ghártha agus Tuaim, agus bronnadh gradam réigiúnach ar Scoil Naofa Bhearna i gcatagóir na scoileanna.

I measc na rannpháirtithe sa seimineár, bhí an Dr. Ann O'Brien, Bainisteoir Rannpháirtíochta Pobail in Ollscoil na Gaillimhe, agus Michelle O'Dowd Lohan, Oifigeach Inbhuanaitheachta na hOllscoile.

I measc na gcainteoirí ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe, bhí an tOifigeach um Ghníomhú ar son na hAeráide Denise Feeney, an tOifigeach Bithéagsúlachta Rosina Joyce, Mary McGann ón Rannóg Comhshaoil agus Theresa Donohue ón Rannóg Pobail.

D’eagraigh Rannóg Pobail Chomhairle Chontae na Gaillimhe an ócáid, agus bhí Kieran Coyne ón Stiúrthóireacht Forbartha agus Lánpháirtíochta Tuaithe, Pobail agus Turasóireachta ina reachtaire ann. Leag sé amach na tacaíochtaí breise atá ar fáil do ghrúpaí pobail.

Dúirt Cathaoirleach Chontae na Gaillimhe, an Comhairleoir Andrew Reddington, gur deis a bhí sa seimineár chun aitheantas a thabhairt d’éachtaí grúpaí áitiúla agus ag an am céanna, cabhrú leo pleanáil a dhéanamh don rath amach anseo.

“Tá grúpaí Bailte Slachtmhara den scoth i gContae na Gaillimhe agus léiríonn torthaí na bliana seo tiomantas na n-oibrithe deonacha ar fud ár mbailte agus ár sráidbhailte.

“Ba mhór an rud é grúpaí ó gach cearn den chontae a fheiceáil ag teacht le chéile, ag roinnt a gcuid eispéireas, agus ag cloisteáil faoi na tacaíochtaí agus an chomhairle atá ar fáil chun cabhrú leo a gcuid oibre a fhorbairt.

“Tá obair den scoth á déanamh ag ár n-oibrithe deonacha ina bpobail, agus tá an fhéidearthacht ann chun cur leis an rath a bhain Gaillimh amach i gcomórtais amach anseo.”

Dúirt Michael Owens, Stiúrthóir Seirbhísí um Fhorbairt Thuaithe agus Phobail ag Comhairle Chontae na Gaillimhe, gur chuir an seimineár faisnéis phraiticiúil ar fáil chun cabhrú le grúpaí a gcuid tionscadal a neartú agus a bhfeidhmíocht sna comórtais a fheabhsú.

“Clúdaíonn comórtas na mBailte Slachtmhara réimsí amhail bithéagsúlacht, gníomhú ar son na haeráide, inbhuanaitheacht, rannpháirtíocht an phobail agus an timpeallacht áitiúil.

“Trí ghrúpaí a thabhairt le chéile agus rochtain a sholáthar ar chomhairle agus ar fhaisnéis maidir leis na tacaíochtaí atá ar fáil, lena n-áirítear deontais feabhsúcháin chomhshaoil, tá súil againn cabhrú le pobail tionscadail nua a fhorbairt agus cur leis an obair den scoth atá ar siúl cheana féin ar fud an chontae.

“Aithníonn Comhairle Chontae na Gaillimhe an obair ollmhór a dhéanann oibrithe deonacha na mBailte Slachtmhara, agus tá sí fós tiomanta do thacaíocht a thabhairt dá n-iarrachtaí.”