Cuardaigh

Tá áiteanna cónaithe nua beartaithe d’fhoirgnimh stairiúla i sráidbhaile Mhaigh Locha

Shínigh Comhairle Chontae na Gaillimhe conradh le Mannion Build Ltd. chun trí fhoirgneamh fholmha i sráidbhaile Mhaigh Locha a athfhorbairt, agus táthar ag súil go mbeidh ceithre áit chónaithe nua críochnaithe faoi mhí na Bealtaine 2028.

Maidir leis an tionscadal €982,556 ag Plás Stiofáin, idir Teach Tábhairne Cheevers agus Oifig Poist Mhaigh Locha, tógfar dhá theach trí sheomra leapa agus dhá árasán dhá sheomra leapa taobh thiar d’aghaidh tosaigh na sraithe tithe atá ann cheana.

Téann dhá cheann de na foirgnimh siar go dtí thart ar 1820 agus liostaítear iad ar Fhardal Náisiúnta na hOidhreachta Ailtireachta. Aithnítear a gcolbhaí maisiúla fuinneoige agus dorais, an aghaidh siopa thraidisiúnta agus gnéithe ailtireachta eile mar chuid thábhachtach de shráid-dreach an tsráidbhaile.

Síníodh an conradh ag Áras an Chontae Dé Céadaoin, 28 Deireadh Fómhair. Táthar ag súil go mbeidh sé críochnaithe i mí na Bealtaine 2028.

Dúirt an Comhairleoir Andrew Reddington, Cathaoirleach Chontae na Gaillimhe, gur tionscadal mór a bhí san fhorbairt do Mhaigh Locha.

“Is príomhthosaíocht do Chomhairle Chontae na Gaillimhe bailte agus sráidbhailte a athnuachan. Trí fhoirgnimh fholmha a chur ar ais in úsáid, déantar ár bpobail a athbheochan agus spreagtar tuilleadh daoine chun a bheith ina gcónaí i lár ár mbailte agus sráidbhailte.

“Caomhnóidh an tionscadal sin cuid thábhachtach d’oidhreacht thógtha Mhaigh Locha agus soláthrófar ceithre theach nua. Baineann sé le carachtar an tsráidbhaile a chosaint agus a chinntiú go mbeidh todhchaí ag na foirgnimh sin.”

Dúirt Liam Conneally, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Chontae na Gaillimhe, go léiríonn an fhorbairt tiomantas na Comhairle chun na foirgnimh níos sine a athbheochan, agus ag an am céanna, oidhreacht na bhfoirgneamh sin a chosaint.

“Tá freagracht orainn an úsáid is fearr a bhaint as foirgnimh agus suímh atá ann cheana inár mbailte agus inár sráidbhailte. Trí aghaidh an fhoirgnimh ag Plás Stiofáin a choinneáil, caomhnófar gné thábhachtach de shráid-dreach Mhaigh Locha, agus ag an am céanna beifear in ann na foirgnimh taobh thiar di a athfhorbairt de réir caighdeáin nua-aimseartha tithíochta.”

“Trína bheith ag obair i gcomhar le comhaltaí tofa agus leis an bpobal áitiúil, is féidir le cur i gcrích tionscadal cosúil leis an tionscadal sin fíordhifríocht a dhéanamh do chuma agus beocht ár sráidbhailte, trí fhoirgnimh fholmha a chur ar ais in úsáid agus áiteanna a chruthú inar féidir le daoine cónaí iontu.”

Áireofar leis na hoibreacha na struchtúir atá ann cheana taobh thiar den aghaidh a leagan, agus an dá theach a thógáil laistigh de lorg na bhfoirgneamh ar an taobh thoir. Beidh na hárasáin sa chuid thiar, ceann acu ar urlár na talún agus ceann eile ar an gcéad urlár. Beidh spás oscailte príobháideach ar chúl gach ceann de na ceithre theach.

Tá Roinn Tithíochta Chomhairle Chontae na Gaillimhe freagrach as an dearadh ailtireachta. Soláthraíonn SDS Design Engineers seirbhísí innealtóireachta sibhialta agus struchtúrtha, soláthraíonn Lawler Consulting Engineers seirbhísí innealtóireachta meicniúla agus leictreacha, agus feidhmíonn CQS Group mar shuirbhéir cainníochta.

Dúirt Damien Mitchell, Stiúrthóir Tithíochta Chomhairle Chontae na Gaillimhe, gur forbraíodh an dearadh chun cothromaíocht a bhaint amach idir na foirgnimh stairiúla a choinneáil agus tithe nua-aimseartha oiriúnacha a sholáthar.

“Is cuid thábhachtach d’oidhreacht ailtireachta Mhaigh Locha iad na foirgnimh, agus mar sin, is gné lárnach den tionscadal é an aghaidh tosaigh a chaomhnú. Tabharfaidh an dearadh aird ar airde na bhfoirgneamh atá ann cheana agus ar an sráid-dreach, agus coimeádfar na simléir más féidir.”

“Is tionscadal uaillmhianach é a nascann caomhnú oidhreachta le dearadh tithíochta nua-aimseartha. Is é an aidhm ná tréithe na bhfoirgneamh a chosaint, agus ag an am céanna, a chinntiú go mbeidh todhchaí fhadtéarmach acu mar thithe.”

DEIREADH


Moylough 1

Pictiúr ag Áras an Chontae le linn shíniú an chonartha d’athfhorbairt trí fhoirgneamh fholmha i sráidbhaile Mhaigh Locha (an tsraith thosaigh, ó chlé go deas). Karen O’Donnell - Galway County Council, Muhammad Khizar Barakzai – SDS Design Engineers, Cyril Mannion – Mannion Build, Chief Executive Liam Conneally,  Cathaoirleach Andrew Reddington, Councillor Michael Connolly, Ciara McDonagh - Galway County Council, Alan Brogan - Galway County Council, Kevin Gavin - Galway County Council

 


Moylough2

Aghaidh na dtrí fhoirgneamh fholmha i Maigh Locha atá á n-athrú ina dtithe nua. Sonraí an ghrianghrafadóra: Comhairle Chontae na Gaillimhe.


Moylough_3

Na pleananna do na trí fhoirgneamh fholmha i Maigh Locha atá á n-athrú ina dtithe nua. Íomhá: Comhairle Chontae na Gaillimhe.

Housing