Tá na gradaim ar an bhfód le dhá bhliain anuas anois agus is é Rialtas na hÉireann a mhaoiníonn iad faoi Chiste an Gheilleagair Chiorclaigh, chun ceiliúradh a dhéanamh ar dhaoine agus ar thograí a chabhraíonn le pobail ar fud na hÉireann dramhaíl a laghdú, acmhainní a athúsáid, agus bealaí maireachtála níos inbhuanaithe a chur chun cinn trí ghníomhú áitiúil. Bronnfar gradaim ar shé chatagóir: Seaimpín an Deisithe agus na hAthúsáide, Seaimpín an Phobail Chiorclaigh, Seaimpín an Dearaidh Chiorclaigh, Urlabhraí an tSaoil Chiorclaigh, an Feachtas Pobail is Fearr agus Seaimpín an Spóirt Chiorclaigh.
Bhí ainmniúcháin ar fud na tíre le haghaidh ghradaim na bliana seo caite, an chéad bhliain ar an bhfód dóibh, ag tarraingt aird ar réimse leathan tionscadal agus daoine ag cur an tsaoil chiorclaigh chun cinn trí chaiféanna deisiúcháin, tograí athúsáide, faisean inbhuanaithe, oideachas agus uaschúrsáil chruthaitheach i measc nithe eile. Gheobhaidh buaiteoir gach catagóra duais €2000 chomh maith le corn uathúil lámhdhéanta as ábhair uaschúrsáilte. Gheobhaidh na daoine a chuirfear ar an ngearrliosta sa bhabhta ceannais poiblíocht ar na meáin náisiúnta, agus cuirfear chun cinn ar na meáin shóisialta agus ar fud ardán Circular.ie iad.
Ag labhairt di faoin seoladh, dúirt Bainisteoir Pobail Circular.ie, Eibhlin Fitzpatrick: “Tarraingíodh aird ag gradaim na bliana seo caite ar na daoine iontacha atá ag cur ghluaiseacht chiorclach na hÉireann chun cinn. Rinneamar ceiliúradh ar chruthaitheacht agus ar éagsúlacht a gcuid tograí, spreagtha ag ardchaighdeán na n-ainmniúchán agus na scéalta pearsanta taobh thiar díobh. I mbliana, táimid ag súil le haitheantas a thabhairt do thuilleadh daoine tiomnaithe as an tionchar éachtach atá acu agus as na difríochtaí soiléire atá le feiceáil sna pobail ar fud na tíre.”
Is féidir le daoine fásta os cionn 18 mbliana d’aois cur isteach ar Ghradaim an Chiorcail Iomláin, lena n-áirítear gníomhaithe pobail, oibrithe deonacha, fiontair shóisialta agus daoine aonair a bhfuil réitigh chiorclacha á gcruthú acu ina gceantar áitiúil. Is féidir le daoine iad féin a ainmniú chomh maith. Is féidir cur isteach ar Ghradaim an Chiorcail Iomláin 2026 idir seo agus Dé hAoine, 24 Iúil 2026. Fógrófar iad siúd atá ar an ngearrliosta sa bhabhta ceannais i mí Lúnasa roimh an searmanas bronnta gradam a bheidh ar siúl an 17 Meán Fómhair 2026.
Tá na sonraí go léir maidir le catagóirí na ngradam, na critéir cháilitheachta agus an próiseas ainmniúcháin ar fáil ar https://circular.ie/full-circle-awards-2026