Beidh Seachtain Náisiúnta na gCrann 2026 ar siúl i mbliana ón 8ú Márta – 15ú Márta 2026. Tá Comhairle Crann na hÉireann agus Coillte ag dul i mbun comhpháirtíochta arís do Sheachtain Náisiúnta na gCrann agus is é téama na bliana seo "Todhchaí níos glaise a fhorbairt le chéile”
I gcomhar le Comhairle Crann na hÉireann agus Coillte, beidh crainn óga ar fáil saor in aisce ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe do ghrúpaí pobail, do scoileanna agus d'eagraíochtaí deonacha eile ina limisteir feidhme. Stoc teoranta a bheidh ann agus tabharfar amach iad de réir mar a iarrfar iad. Déan teagmháil leis an Rannóg Timpeallachta ag 091-509510 nó ag environment@galwaycoco.ie chun ordú a chur isteach.