Cuardaigh

Scéim tithíochta sóisialta €15.1m chun 62 teach a sheachadadh i dTuaim

 

Cuirfear tús leis an tógáil níos déanaí sa mhí ar fhorbairt tithíochta sóisialta dar luach €15.1 milliún i dTuaim, agus soláthrófar 62 teach nua tríd an bhforbairt seo.

Shínigh Comhairle Chontae na Gaillimhe an conradh foirgníochta d’fhorbairt Fhearann na Máirtíneach ar Bhóthar na Gaillimhe, thart ar chiliméadar amháin ó lár na cathrach.

Tá an scéim á maoiniú faoi Chlár Infheistíochta Tithíochta Sóisialta (CITS) an Rialtais, agus táthar ag súil go mbeidh an tógáil curtha i gcrích faoi Aibreán 2028.

Dúirt Leas-Cathaoirleach Chontae na Gaillimhe, an Clr Micheál Regan, go mbainfidh teaghlaigh agus pobal Thuama níos leithne araon tairbhe as na tithe nua.

"Cuireann comhaltaí tofa fáilte mór roimh an bhforbairt seo agus cuirfidh sí tithe slána ardchaighdeáin ar fáil do theaghlaigh agus do dhaoine aonair i dTuaim," ar sé.

"Beidh na cónaitheoirí nua seo mar chuid den phobal agus cabhróidh siad chun na scoileanna, gnólachtaí, clubanna agus seirbhísí áitiúla a chothú."

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Chontae na Gaillimhe Liam Conneally go raibh méadú ar sholáthar na tithíochta sóisialta fós ina thosaíocht ar fud an chontae.

"Leanfaidh Comhairle Chontae na Gaillimhe léi ag seachadadh clár leathan tithíochta ar fud an chontae, agus tithe nua á dtógáil in éineacht le hathghiniúint agus feabhsú líon na tithe sóisialta atá againn cheana féin," ar seisean.

"Táimid ag obair leis an Rialtas, le Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta agus comhpháirtithe eile chun soláthar tithíochta a mhéadú agus chun tacú le pobail inbhuanaithe inár mbailte agus sráidbhailte."

Áireofar san fhorbairt tithe le seomra leapa amháin, dhá-, trí- ceithre- sheomra leapa, lena n-áirítear tithe, árasáin agus bungalónna. Dearfar go huathúil nó oiriúnófar go speisialta roinnt tithe chun freastal ar riachtanais daoine a bhfuil leibhéil éagsúla soghluaisteachta agus rochtana acu.

Áireofar sa suíomh 1.87 heicteár páirc lárnach thírdhreachaithe chomh maith, le háiseanna súgartha, suíocháin agus conairí coisithe. Beidh 16% den suíomh mar spás poiblí oscailte, agus beidh cosáin nua, sráideanna tírdhreachtaithe agus páirceáil rothar mar chuid den fhorbairt.

Dúirt Stiúrthóir na Seirbhísí um Thithíocht, Damien Mitchell go mbeidh scéim Fhearann na Máirtíneach ina tairbhe thábhachtach chun freastal ar riachtanas tithíochta i dTuaim.

"Soláthrófar tithe slána ardchaighdeáin leis an bhforbairt seo, agus déanfar fíordhifríocht do theaghlaigh agus do dhaoine aonair. Tá sí suite gar do scoileanna, siopaí agus iompar poiblí agus dearadh í chun béim a chur ar shlándáil coisithe, ar rochtain agus ar taisteal gníomhach. Tá sé ríthábhachtach líon ár dtithíochta sóisialta a mhéadú i leith thodhchaí inbhuanaithe na mbailte agus na sráidbhailte ar fud Chontae na Gaillimhe."

Dúirt Comhairle Chontae na Gaillimhe go bhfuil sí ag cur roinnt forbairtí tithíochta sóisialta chun cinn ar fud an chontae, agus scéimeanna eile curtha i gcrích le déanaí agus tuilleadh tionscadal pleanáilte.

Tá tionscadal Fhearann na Máirtíneach á sholáthair ag OCC Construction.

I measc an fhoireann deartha tá Collins Rolston Architects agus Vincent Hannon Architects, Gilligan & Partners agus MFA Consulting Engineers, AH Design agus Engineering Design Consultants, agus AtkinsRéalis.

 


Tuaim

 


Tuam 2

Grianghraf (úsáid saor in aisce): Sa ghrianghraf ag Áras an Chontae ag síniú conartha ar luach €15.1 milliún maidir le tógáil forbartha tithíochta sóisialta nua i dTuaim, ó chlé go deas, le deimhniú.