Cuardaigh

​​​Ocht dTona - Paráidí Tarracóirí Traidisiúnta á nAthshamhlú ag Ealaíontóirí Oíche Chultúir na bliana seo, go déanach san oíche, i mBéal Átha na Sluaighe


a man and woman sitting on hay bales holding colourful Culture Night signs

I mí Mheán Fómhair, i gCearnóg Bhéal Átha na Sluaighe, óstálfar Ocht dTona, taibhiú, suiteáil agus paráid tarracóirí i rith dhorchadas na hoíche. Bunaithe ar an traidisiún seanbhunaithe de pharáidí tarracóirí agus mórchuaird tarracóirí seanré amuigh faoin tuath in Éirinn, is deis é Ocht dTona chun tarracóirí, ealaíontóirí agus taibhithe a thabhairt le chéile chun taitneamh a bhaint as imeacht déanach san oíche ar Oíche Chultúir. 

Beidh an t-imeacht seo ar siúl mar chuid de chlár Chomhairle Chontae na Gaillimhe i rith na hOíche Cultúir seo i mBéal Átha na Sluaighe an Aoine, an 18 Meán Fómhair 2026, ó 9pm i gCearnóg Mhichíl. 

Is deis é Ocht dTona chun meascán guthanna ealaíonta éagsúla a thabhairt le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar oidhreacht talmhaíochta Bhéal Átha na Sluaighe ar bhealach nua. Beidh na taibheoirí atá lonnaithe i mBéal Átha na Sluaighe, Breda Larkin (fuirseoir agus taibheoir) agus Ultan Conlon (ceoltóir agus cumadóir) i gcomhluadar an damhsóra agus an chóiréagrafaí de bhunadh an Chlocháin, Linda Schirmer, an t-ealaíontóir digiteach de bhunadh Bhaile Átha Cliath, Kev Freeney agus an t-ealaíontóir meáin nua de bhunadh Luimnigh, Scott Robinson, chun eispéireas faoi dhorchadas na hoíche a chruthú bunaithe ar pharáid tarracóirí — meascán don taibhiú, ceiliúradh agus ómós don innealra agus don rithim ar a bhfuil saol na tuaithe bunaithe. Cúis áthais d’fhoireann an tionscadail seo go bhfuil Macra na Gaillimhe ag tacú léi. Is fianaise iad na naisc atá idir Macra agus feirmeoirí óga ar an spiorad pobail agus talmhaíochta atá ag croílár Ocht dTona. Beidh damhsóirí ó Scoil Damhsa In-Step páirteach sa tionscadal freisin, iad ag obair in éineacht leis an damhsóir, Linda Schirmer. 

“Bain taitneamh as Oíche Chultúir iontach i dteannta Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus as saothar na n-ealaíontóirí áitiúla agus náisiúnta iontacha seo. Cúis bhróid dúinn cuireadh a thabhairt do gach duine inár bpobal súil a chaitheamh ar an imeacht iontach seo lán le tarracóirí, solas agus taibhiú” An Comhairleoir Andrew Reddington, Cathaoirleach, Comhairle Chontae na Gaillimhe. 

Is ionann Ocht dTona agus cuireadh a bheith á thabhairt do phobail chun súil a chaitheamh ar ghné laethúil agus bhunúsach de shaol Bhéal Átha Sluaighe, cosúil leis an tarracóir, trí lionsa ealaíne nua, trí nasc a chruthú idir coiméide, ceol, damhsa agus ealaín dhigiteach os comhair Chearnóg stairiúil an bhaile. 

“Is sampla iontach é seo den tslí is féidir cruthaitheacht a bhunú ar oidhreacht talmhaíochta shaibhir Bhéal Átha na Sluaighe. Cúis bhróid do Chomhairle Chontae na Gaillimhe tacú le tionscadail chultúrtha uaillmhianacha a dhéanann ceiliúradh ar aitheantas áitiúil agus a chruthaíonn deiseanna ar leith chun pobail a thabhairt le chéile” Liam Conneally, Príomhfheidhmeannach, Comhairle Chontae na Gaillimhe. 

Is imeacht saor in aisce do theaghlaigh agus do dhaoine de gach cineál é seo agus cuirfear fáilte roimh gach duine. Cuirfear tús leis an taibhiú ag 9pm agus cuirfear críoch le cúrsaí thart ar 10pm. 

“Mar fheirmeoir as Béal Átha na Sluaighe, tuigim go bhfuil ról lárnach ag an tarracóir i saol an fheirmeora, agus is cúis áthais dom go bhfuil béim á leagan ar an tarracóir i rith 'Ocht dTona'. Is ionann an t-imeacht seo agus stair an 'chultúir' sa talmhaíocht, insinte trí pharáid tarracóirí athshamhalta ina mbeidh úsáid á baint as solas, damhsa agus ceol. Bealach spraíúil chun súil a chaitheamh ar an úsáid a bhainimid as an talamh, agus an t-athrú atá tugtha faoi deara i gcaitheamh na mblianta” Breda Larkin, fuirseoir agus taibheoir. 

“Is é an rud is spéisiúla faoi Ocht dTona ná an meascán ealaíontóirí atá ag díriú ar chleachtais dhifriúla. Tá imeacht uaillmhianach agus spraíúil á chruthú acu trí úsáid a bhaint as tarracóirí, imeacht ar fianaise atá ann ar shaibhreas an taibhithe bheo chultúrtha in Éirinn. Tugtar le chéile leibhéal iomlán nua de spraoi agus cruthaitheacht bunaithe ar an tarracóir aitheanta” Sharon O’Grady, Oifigeach Ealaíon, Comhairle Chontae na Gaillimhe. 

Sula dtugann tú aghaidh ar Ocht dTona b’fhéidir gur mhaith leat taitneamh a bhaint as imeachtaí eile atá á n-eagrú mar chuid den Oíche Chultúir i mBéal Átha na Sluaighe. Ceardlann bunaithe ar dhramhaíl, This is Me, i Leabharlann Bhéal Átha na Sluaighe le Grúpa 8 (4-5:30pm) agus Oíche Chultúir ag Páirc Ó Maine - chun ceiliúradh a dhéanamh ar thraidisiúin Phobal an Lucht Siúil i rith Fhéile Cultúr Fánaíochta Misleór agus Grúpa Ban Phobal an Lucht Siúil Bhéal Átha na Sluaighe (4-7pm). 

Lean cainéil mheáin shóisialta Oíche Chultúir Chontae na Gaillimhe chun an t-eolas is déanaí a fháil.  

Tá imeacht á eagrú ag Oifig Ealaíon Chomhairle Chontae na Gaillimhe ar an Oíche Chultúir dar teideal Ocht dTona, i dteannta na healaíontóirí Breda Larkin, Kev Freeney, Linda Schirmer, Scott Robinson agus Ultan Conlon. Arna maoiniú ag an gComhairle Ealaíon, an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt agus Comhairle Chontae na Gaillimhe. I gcomhpháirt le hAmharclann Halla Baile Bhéal Átha na Sluaighe agus Macra na Gaillimhe. Arna léiriú ag Culture Works.