Tabharfaidh an ócáid deis do lucht tacaíochta ó gach cearn den chontae fáilte abhaile a chur roimh an gcaptaen Carrie Dolan, an bainisteoir Cathal Murray, na himreoirí, an fhoireann bhainistíochta agus an fhoireann tacaíochta tar éis Chluiche Ceannais Sinsir Camógaíochta na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh inniu.
Tá an ócáid Teacht Abhaile á heagrú ag Camógaíocht na Gaillimhe agus CLG Dhroichead an Chláirín, le tacaíocht ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe.
Dúirt Leas-Chathaoirleach Chontae na Gaillimhe, an Comhairleoir Michael Regan, gur thug an fhoireann gach cúis don chontae a bheith bródúil aisti.
“In ainneoin díomá an lae inniu, rinne an fhoireann seo ionadaíocht thar ceann na Gaillimhe le mórtas ollmhór, agus léirigh siad an seasmhacht, an scil agus an diongbháilteacht atá mar shaintréithe ag camógaíocht na Gaillimhe.”
“Is léiriú é an séú Cluiche Ceannais Uile-Éireann in ocht mbliana ar láidreacht an chluiche ar fud ár gcontae. Tabharfaidh ócáid Teacht abhaile an lae amárach deis do mhuintir na Gaillimhe fáilte abhaile a chur roimh an bhfoireann iontach seo agus aitheantas a thabhairt dóibh.”
Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Chontae na Gaillimhe, Liam Conneally, gur cheart aitheantas a thabhairt d’éachtaí na n-imreoirí.
“Léiríonn cluiche ceannais Uile-Éireann eile blianta de thiomantas agus don obair atá curtha isteach i gcamógaíocht na Gaillimhe. Is mór an creidiúint é do na himreoirí agus don bhainistíocht, chomh maith leis na hoibrithe deonacha, na cóitseálaithe, na tuismitheoirí agus na clubanna a leag bunchlocha chomh láidir sin don chluiche.”
“Ba ambasadóirí den scoth do Ghaillimh iad na himreoirí seo agus spreag siad glúnta atá le teacht. Molaimid do lucht tacaíochta ó gach cearn den chontae teacht chuig Droichead an Chláirín amárach agus buíochas a ghabháil leis an bhfoireann as an mbród agus an taitneamh a thug siad do Ghaillimh ar feadh na craoibhe.”
Cuirfear tuilleadh sonraí faoin ócáid Teacht Abhaile ar fáil trí na meáin áitiúla agus ar leathanaigh mheán sóisialta Chamógaíocht na Gaillimhe agus Chomhairle Chontae na Gaillimhe.