Glacann Comhairle Chontae na Gaillimhe an chéad phlean áineasa allamuigh uilechontae
- Is é aidhm leis an bplean cúig bliana feabhas a chur ar rochtain ar chonairí, páirceanna agus gníomhaíochtaí uiscebhunaithe chomh maith le cosaint a thabhairt d’oidhreacht nádúrtha agus chultúrtha an chontae
Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe tar éis an chéad phlean áineasa allamuigh de chuid an chontae a ghlacadh, plean ina leagtar amach tosaíochtaí le haghaidh forbairt agus bainistíocht conairí, páirceanna agus conláistí allamuigh eile nach iad ar fud Chontae na Gaillimhe sna cúig bliana atá le teacht.
Ghlac na baill thofa Plean Áineasa Allamuigh Chontae na Gaillimhe 2027–2031 ag cruinniú iomlánach Dé Luain. Is é is aidhm leis feabhas a chur ar rochtain gníomhaíochtaí allamuigh, bearnaí in áiseanna a aithint agus comhoibrí idir comhlachtaí poiblí, úinéirí talún agus grúpaí pobail a dhaingniú.
Clúdaítear leis an bplean réimse leathan gníomhaíochtaí, lena n-áirítear coisíocht, rothaíocht, snámh agus áineas uiscebhunaithe. Féachtar leis freisin deimhin a dhéanamh de nach mbeidh an timpeallacht nádúrtha, an bhithéagsúlacht nó an oidhreacht chultúrtha thíos leis an méadú ar an úsáid as conláistí allamuigh.
Arna mhaoiniú ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus na Gaeltachta, tá an plean á ghlacadh tar éis próiseas cuimsitheach comhairliúcháin phoiblí a raibh teagmháil ar líne agus cruinnithe duine le duine i gceist leis. Forbraíodh é trí Choiste Áineasa Allamuigh Chontae na Gaillimhe, rud a thugann le chéile an chomhairle agus eagraíochtaí a bhfuil baint acu san áineas, an turasóireacht, bainistíocht talún agus forbairt tuaithe.
Dúirt an Clr Andrew Reddington, Cathaoirleach Chontae na Gaillimhe, gurb ionann an plean agus aitheantas do luach an áineas allamuigh i dtaca le sláinte daoine agus pobal áitiúil.
“Té éagsúlacht dhochreidthe tírdhreacha i nGaillimh, idir Chonamara agus Gaillimh thoir. An tairbhe is mó agus is féidir a bhaint as na hacmhainní sin agus deimhin a dhéanamh de go dtabhfar cosaint dóibh do na glúnta amach romhainn, is chuige sin atá an plean,” a deir sé.
Dúirt sé gur cúnamh a bheadh sa Phlean i dtaca le conláistí allamuigh a dhéanamh inrochtana do dhaoine a bhfuil aois agus cumas éagsúil acu, díreach mar a thacóidh sé le cumainn, lucht deonach agus soláthróirí áineasa.
Dúirt Liam Conneally, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Chontae na Gaillimhe, go gcuideoidh an plean lena aithint cén áit a bhfuil gá le háiseanna nua agus cén áit a bhféadfaidh feabhas a chur ar chonláistí atá ann cheana féin.
“Tugann sé barúil níos fearr dúin dá bhfuil ar fáil cheana féin ar fud an chontae, den áit a bhfuil na bearnaí ann agus de na rudaí ar gá tosaíocht a thabhairt dóibh. Ag obair i gcomhar le gníomhaíochtaí, úinéirí talún agus grúpaí pobail, beidh sin an-tábhachtach maidir leis na feabhsúcháin sin a dhéanamh,” a dúirt sé.
Dúirt sé freisin, “Cuirfidh an Plean ardán ar fáil don Chomhairle chun tuilleadh maoinithe le haghaidh an áineasa allamuigh a iarraidh do Ghaillimh.”
Dúirt Michael Owens, Stiúrthóir Seirbhísí le haghaidh Forbairt Tuaithe, Pobail agus Turasóireachta, gur chuir an Plean creat comhroinnte ar fáil d’fhorbairt áineasa allamuigh i nGaillimh don todhchaí.
“Is féidir go ndéanfaidh an t-áineas allamuigh cion suntasach don tsláinte, don fholláine agus do chaighdeán na beatha. Cuireann an plean seo bonn faoi áiseanna a fhorbairt ar bhealach comhordaithe inbhuanaithe,” a dúirt sé.
Tá an plean ag teacht leis an straitéis náisiúnta Téigh Amach faoin Aer agus leagtar béim ann ar an bhforbairt inbhuanaithe, an t-áineas freagrach agus an chothabháil fhadtéarmach ar áiseanna.
Ar Choiste Áineasa Allamuigh Chontae na Gaillimhe tá ionadaithe ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe, Fóram Chonamara, Forbairt Tuaithe na Gaillimhe, Fáilte Ireland, Coillte, Uiscebhealaí Éireann, an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann, Bord na Móna, Údarás na Gaeltachta, Iascaigh Intíre Éireann agus Comhar na nOileán.
Tá sé i gceist Plean Áineasa Allamuigh Chontae na Gaillimhe 2027–2031 a sheoladh go hoifigiúil go luath in 2027. Beidh an plean ar fáil ar Galway.ie i ndiaidh dó a bheith seolta go luath in 2027.