Cuardaigh

Comórtas Póstaer In Aghaidh An Bhruscair

 

Glacann Níos Mó Ná 1,500 Dalta Páirt i gComórtas Póstaer in Éadan an Bhruscair le haghaidh Chontae na Gaillimhe

Ghlac daltaí ó gach cearn de Chontae na Gaillimhe páirt i gComórtas Póstaer in Éadan an Bhruscair Chomhairle Chontae na Gaillimhe i mbliana, ar tionscnamh comhshaoil bliantúil é chun feasacht a mhúscailt agus chun cur ar chumas páistí ról gníomhach a ghlacadh sa troid in éadan truailliú bruscair. 

Cuireadh 1,524 iarratas isteach ar an gcomórtas ag daltaí bunscoile agus scoláirí iar-bhunscoile agus i ndiaidh dianphróiseas meastóireachta, roghnaíodh 55 buaiteoir agus bhronn Cathaoirleach Chomhairle Chontae na Gaillimhe, an Comhairleoir David Collins, na duaiseanna orthu ag searmanas duaiseanna speisialta.

Iarraidh ar dhaltaí póstaer in éadan an bhruscair a dhearadh chun dul i ngleic le ceann de na fadhbanna truaillithe a bhíonn i gContae na Gaillimhe, agus is iad seo a leanas buaiteoirí na gcatagóirí éagsúla: 

Cuir Stop le Bruscar inár mBailte agus inár Sráidbhailte:       Molly Finn ó S.N. Chill Tartan 

Cuir Stop le Bruscar ar Thaobhanna ár mBóithre:                              Patrick Canavan ó S.N. an Chladaigh Dhuibh 

Cuir Stop le Bruscar ar ár dTránna:                             Kateryna Rudenko ó Scoil Chuimín agus Caitríona 

Bruscar a bhaineann le Toitíní:                                   Wiktoria Ozga ó Choláiste Mhuire an Bhaile Ghearr

Salú ag Madraí:                                                           Maeve Walsh ó High Cross College Tuaim 

Cuir do Ghuma sa Bhruscair nuair atá tú Réidh Leis:             Rosaleen Dinneen ó Choláiste Ghobnait Inis Oírr 

Ba í Zosia Wojdała ó Rang a 5 i Scoil Chuimín agus Caitríona Uachtar Ard Buaiteoir Foriomlán na mBunscoileanna, dá póstaer tarraingteach agus oideachasúil inar leag sí mbéim ar an gcaoi gurb iad tiománaithe atá ag gabháil tríd is cúis le nach mór 40% de chaitheamh bruscair. 

Ba í Liliana Staniak ón Dara Bliain i gColáiste Mhuire an Bhaile Gearr Buaiteoir Foriomlán na nIar-Bhunscoileanna, inar thug a póstaer aghaidh ar thránna leis an mana tarraingteach a dúirt “Coimeád ár dTrá Deas Teolaí, Ní Truaillithe”. 

Dúirt an Comhairleoir David Collins, Cathaoirleach Comhairle Chontae na Gaillimhe, go raibh caighdeán na n-iarratas sa chomórtas i mbliana “an-ard go deo” agus mhol sé daltaí as an gcruthaitheacht a úsáid chun teachtaireachtaí láidre timpeallachta a sheachadadh.  “Tá an chruthaitheacht agus an iarracht a léirigh daltaí fud fad an chontae thar barr ar fad,” a dúirt sé. “Léiríonn na póstaeir seo teachtaireacht an-tábhachtach maidir lenár dtimpeallacht a chosaint agus a bheith bródúil as ár mbailte, sráidbhailte agus an tuath féin.”

Dúirt Liam Conneally, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Chontae ne Gaillimhe, “Is údar misnigh é an oiread sin daoine óga a fheiceáil ag tabhairt aghaidh ar fhadhbanna ar nós bruscar a chosc, athchúrsáil agus aire a thabhairt dár dtimpeallacht nádúrtha ar shlí atá dearfach.   Cuidíonn comórtais den chineál seo chun feasacht a thógáil ag aois óg agus a mheabhrú dúinn go léir faoin ról atá againn maidir le Gaillimh a choinneáil glan agus inbhuanaitheach do na glúnta atá le teacht.   Tá na saoránaigh an-bhródúil as ár gcontae a choinneáil glan. Tosaíonn sé leis na nósanna laethúla a fhorbraímid timpeall ar bhruscar, agus tá sé tábhachtach go mbeadh an feasacht á thabhairt againn linn ar feadh ár saoil.”

Dúirt Eileen Ruane, Stiúrthóir Seirbhísí atá freagrach as Acmhainní Daonna, Comhshaoil agus Leabharlanna Cathracha agus Contae, "Tá an chruthaitheacht agus an iarracht a léirigh daltaí i mbliana eisceachtúil agus léiríonn sé feasacht mhéadaitheach i measc daoine óga ar an tábhacht a bhaineann lenár dtimpeallacht a chosaint.   Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do dhíograis na múinteoirí agus phobail scoile freisin a leanann de bheith ag tacú le tionscnaimh den sórt seo, agus buíochas a ghabháil le foireann ár Rannóige Comhshaoil as a gcuid oibre crua maidir leis an gcomórtas a eagrú agus a chur i gcrích gach bliain”.

Seo a leanas liosta iomlán na mbuaiteoirí de réir na ngrúpaí aoise: 
 

BUNSCOIL: 

Naíonáin Shóisearacha: Hollie Connell S.N. an Chladaigh (An Chéad Áit), Hannah Hynes S.N. Bhéal an Chláir (An Dara hÁit), Éile Ní Áinle Scoil Éinne An Spidéal (An Tríú hÁit), Ciarán Green S.N. Chaladh na Muc (ardmholadh).

Naíonáin Shinsearacha: Florence Collins Orr Scoil Éinne An Spidéal (An Chéad Áit), Finn Moloney S.N. Chill Tartan. (An Dara hÁit) Louise Anna Ward Bunscoil na Tríonóide Tuaim (An Tríú hÁit) Emma Ryan Scoil Ainbhthín Naofa Ros Cathail (ardmholadh).

Rang a 1: Kuba O'Shaughnessy Scoil Chuimín agus Caitríona Uachtar Ard (An Chéad Áit), Alice O'Brien S.N. Bhéal an Chláir. (An Dara hÁit), Síofra Stevenson Scoil Naomh Bríde Tullach Uí Chadhain (An Tríú hÁit), Ellie Pañka Scoil Naomh Mhuire an Chreagáin (ardmholadh).

Rang a 2: Ben Connell S.N. an Chladaigh. (An Chéad Áit) Róisín Heverin S.N. na Cathrach Gile. (An Dara hÁit), Sara Kwiecinskamen S.N. Naomh Bearnard. (An Tríú hÁit), Timothy Noble Bunscoile Áth Cinn (ardmholadh).

Rang a 3: Grace Egan S.N. Naomh Gaibriéil i gCill Chonaill (An Chéad Áit), Katie McGrath S.N. na Cathrach Gile. (An Dara hÁit), Aoibh O'Hare S.N. Naomh Bréanainn Phort Omna (An Tríú hÁit), Dónall Donnelly S.N. Pádraig Naofa An Bhealaigh Léith (ardmholadh).

Rang a 4: Kateryna Rudenko Scoil Chuimín agus Caitríona (An Chéad Áit), James Mannion S.N. an Bhaile Ghlais. (An Dara hÁit), Hannah Sullivan S.N. an Charnáin. (An Tríú hÁit), Isabelle Gill Scoil Pádraig Naofa (ardmholadh).

Rang a 5: Vladyslav Aleksieiev S.N. Thír na Cille an Mám (An Chéad Áit), Patrick Canavan S.N. an Chladaigh Dhuibh (An Dara hÁit), Marie Hynes Scoil Naomh Mhuire N.S. (An Tríú hÁit), Éile Rón Scoil Sailearna Indreabhán (ardmholadh).

Rang a 6: Keelin O'Connor Scoil Chuimín agus Caitríona (An Chéad Áit), Sarah Mac Aodha Scoil Éinne (An Dara hÁit), Katie Mulkerrins S.N. Naomh Thomáis Tobar Pheadair. (An Tríú hÁit), Nataliia Vysotska S.N. Ghlinsce (ardmholadh).

IAR-BHUNSCOIL: 

An Chéad Bhliain: Maeve Walsh High Cross College Tuaim (An Chéad Áit), Grace Broderick St Raphaels College Baile Locha Riach (An Dara hÁit), Mia Dolan Coláiste Mhuire an Bhaile Ghearr (An Tríú hÁit), Ashley Maher St Raphaels College (ardmholadh).

An Dara Bliain: Ana Fior Moura Elias Coláiste Mhuire an Bhaile Ghearr (An Chéad Áit), Zoe Verdon Coláiste Mhuire an Bhaile Ghearr (An Dara hÁit), Aishling Gacquin Coláiste Mhuire an Bhaile Ghearr (An Tríú hÁit), Sophie Cramer Coláiste Mhuire an Bhaile Ghearr (ardmholadh).

An Tríú Bliain: Mia Ward High Cross College Tuaim (An Chéad Áit), Kevin Jakas High Cross College (An Dara hÁit), Zelipa Phiri High Cross College (An Tríú hÁit). 

An Ceathrú Bliain/IB: Rosaleen Dinneen Coláiste Ghobnait (An Chéad Áit), Sophie Corrigan High Cross College (An Dara hÁit), Saoirse Ní Chúláin Coláiste Chroí Mhuire an Bhaile Ghearr (An Tríú hÁit), Ríona Ní Aodha Coláiste Chroí Mhuire (ardmholadh).