Cuardaigh

Comhairliúchán Poiblí: Foirgneamh & Páirc Áineasa Allamuigh Phort Omna

Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe ag tabhairt cuireadh don phobal freastal ar imeacht comhairliúcháin phoiblí agus páirt a ghlacadh i suirbhé chun cabhrú le todhchaí limistéar snámha Phort Omna a mhúnlú mar cheann scríbe bríomhar d’áineas lasmuigh faoin aer, don phobal agus don turasóireacht.

Áirítear sa bhfís atá beartaithe mol do spóirt uisce agus áineas, feabhsuithe ar na naisc siúlóide agus rothaíochta, béim láidir ar an mbithéagsúlacht agus ar an inbhuanaitheacht, agus forbairt páirc phoiblí ardchaighdeáin a chothaíonn sláinte agus folláine.

Beidh an comhairliúchán pearsanta ar siúl i dTeach Cúirte Phort Omna ar Ascaill Chluain Tarbh Dé Céadaoin, an 1ú Iúil, ó 2:00i.n. go 6:00i.n., agus beidh suirbhé ar líne ar siúl chomh maith leis.

Is féidir leat do thuairimí a roinnt trí fhreastal ar an imeacht nó tríd an suirbhé a chomhlánú ag Portumna Bathing Area: Public Survey. Cabhróidh an t-aiseolas le todhchaí Phort Omna a mhúnlú.

 

portumna poster