Cuardaigh

Ceadaíonn Comhairle Chontae na Gaillimhe breis is €424,000 i ndeontais do Ghrúpaí Pobail

Ag Cruinniú na Comhairle i mí an Mhárta, chomhaontaigh na Comhaltaí Tofa €424,182 san iomlán a chur ar fáil i maoiniú deontais do 342 tionscadal faoi na Scéimeanna Tacaíochta Pobail le haghaidh forbairt turasóireachta, forbairt pobail agus forbairt chultúrtha. 

Is é cuspóir Scéimeanna Tacaíochta Pobail Chomhairle Chontae na Gaillimhe grúpaí pobail agus deonacha a spreagadh chun páirt ghníomhach a ghlacadh i bhforbairt a bpobal trí mhaoiniú ar scála beag a chur ar fáil do thionscadail atá chun leasa a bpobal áitiúil agus a fheabhsaíonn gnéithe eacnamaíocha, pobail agus cultúrtha a gceantar máguaird. Tá na deontais éagsúil agus tá raon leathan acu ó thacaíocht do ghrúpaí pobail a fheabhsaíonn áiseanna, saoráidí agus seirbhísí áitiúla, go grúpaí a chuireann eolas agus feasacht ar na healaíona, ar an oidhreacht agus ar an nGaeilge chun cinn agus a mhéadaíonn iad ar fud an chontae, go tionscnaimh chomhoibríocha ar nós féilte nó imeachtaí rannpháirteacha a bhfuil sé mar aidhm acu líon na ndaoine a thagann isteach i mbailte agus i sráidbhailte a mhéadú agus fás eacnamaíoch a spreagadh, agus tionscnaimh a chuireann rannpháirtíocht i spóirt chun cinn 

Dúirt an Comh. David Collins, Cathaoirleach Chontae na Gaillimhe: “Bhí leibhéal ard spéise sna scéimeanna tacaíochta pobail, rud a d’admhaigh na Comhaltaí Tofa agus iad ag fáiltiú roimh na leithdháiltí, agus a thug aitheantas don leibhéal ard oibre deonaí agus tionchar na hoibre atá ar bun ag pobail ar fud an Chontae. Táimid lánsásta ??? a thairiscint do na grúpaí seo ar fud an chontae agus ar fud na gclár oibre éagsúla amhail Cultúr, Ealaíona, Áiseanna, Teanga, Oidhreacht, Spórt, forbairt Turasóireachta agus tacaíocht d’áiseanna pobail. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leo agus buíochas a ghabháil leo go léir” 

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Chontae na Gaillimhe, Liam Conneally; “‘Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe tiomanta do thacaíocht a thabhairt do phobail. Leis an obair dheonach iontach a dhéantar i bpobail, is féidir leis na tacaíochtaí maoinithe seo difríocht mhór a dhéanamh’. Leis an Scéim Tacaíochta Pobail, cuirtear tacaíocht airgeadais a bhfuil géarghá léi ar fáil do go leor pobal áitiúil ar fud an chontae, agus i gcomhar leis an gComhairle Contae, déanann siad obair an-luachmhar ina gceantair áitiúla féin. 

Dúirt Michael Owens, Stiúrthóir Seirbhísí: “Is tacaíocht an-phraiticiúil í an Scéim Tacaíochta Pobail do ghrúpaí pobail agus d’áiseanna atá gníomhach ar leibhéal an phobail nó atá ag iarraidh a bheith níos gníomhaí ina gceantar áitiúil. Is éard atá i gceist leis an maoiniú ná cúnamh a thabhairt dár ngrúpaí agus dár gclubanna áitiúla, arb iad croílár ár bpobal iad. Beidh na deontais seo ina gcúnamh mór do na céadta eagraíocht agus club pobail iontach ar fud an chontae”. 

Full List of approved projects