Ainmníodh Tionscnamh Caife Néaltraithe Chonamara mar bhuaiteoir ar an gcatagóir Nuálaíocht Pobail Aoisbháúil ag Gradaim Náisiúnta Aitheantais agus Éachtaí do Phobail atá Aoisbháúil 2026.
Cuireann an tionscnamh, a d’ainmnigh Comhairle Chontae na Gaillimhe, tacaíocht agus gníomhaíochtaí sóisialta ar fáil do dhaoine a bhfuil néaltrú orthu, a dteaghlaigh agus a gcúramóirí faoin tuath i gConamara leis an aidhm an t-aonrú a laghdú agus pobail a fhorbairt atá níos báúla le néaltrú.
Tá cúig Chaife Néaltraithe mhíosúla nua bunaithe aige ar fud an cheantair, ag cur leis na caiféanna atá ann cheana i gCloch na Rón agus Leitir Fraic.
Cuireann na caiféanna deiseanna ar fáil do dhaoine bualadh le chéile, rochtain a fháil ar fhaisnéis agus ar thacaíocht, agus páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí lena n-áirítear ealaíona agus ceardaíocht, aclaíocht éadrom agus tionscadail leabhar cuimhne.
Cuireann comhpháirtíocht lena n-áirítear Fóram Chonamara, Cumann Alzheimer na hÉireann, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Éire Shláintiúil, Éire Ildánach, Aoisbhá Éireann, FSS agus Cairdeas an tionscnamh ar fáil.
Bhí Contae na Gaillimhe páirteach i gcomórtas na bliana seo chomh maith trí Ghairdín Céadfach Gharraí Phálás Thuama, a roghnaíodh ar an ngearrliosta sa chatagóir Timpeallacht Aoisbháúil.
Dúirt Cathaoirleach Chontae na Gaillimhe, an Clr. Andrew Reddington, gur léirigh an tionscnamh na héachtaí a d’fhéadfaí a bhaint amach trí chomhpháirtíochtaí áitiúla.
“Is sampla den scoth de ghníomhaíocht chomhoibríoch chun sláinte agus folláine a fheabhsú é an tionscnamh seo, a ndéanann an Comhordaitheoir ar Ghaillimh Shláintiúil a chomhordú agus a chuirtear i gcrích i gcomhpháirtíocht le heagraíochtaí áitiúla, le grúpaí pobail agus le hoibrithe deonacha. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le gach duine a bhí páirteach as ucht a dtiomantais agus a ndúthrachta don tionscadal.”
Dúirt Liam Conneally, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Chontae na Gaillimhe gur léirigh an tionscnamh an luach a bhaineann le tacaíochtaí pobalbhunaithe do dhaoine a bhfuil néaltrú orthu agus dá dteaghlaigh.
“Tá ríméad ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe a fheiceáil go n-aithnítear an Tionscnamh Caife Néaltraithe Chonamara trí na Gradaim Aoisbháúla. Cothaíonn na caiféanna nasc sóisialta, cuimsiú, foghlaim ar feadh an tsaoil agus sláinte na hinchinne, agus iad ag cabhrú leis an aonrú a laghdú agus pobail atá níos báúla le daoine a bhfuil néalú orthu a chothú ar fud Chonamara.”
Dúirt Michael Owens, Stiúrthóir Seirbhísí atá freagrach as Seirbhísí Corparáideacha agus Forbairt agus Comhtháthú Tuaithe, Pobail agus Turasóireachta, go raibh na caiféanna ag iarraidh tacaíocht a thabhairt níos cóngaraí don bhaile.
“Cuireann siad deis ar fáil do dhaoine a bhfuil néaltrú orthu, dá dteaghlaigh agus dá gcúramóirí bualadh le daoine eile, páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí agus tacaíocht a fháil i dtimpeallacht fháilteach,” a dúirt sé.
Dúirt Adele Rankin, Gaillimh Shláintiúil, Comhairle Chontae na Gaillimhe, gur léirigh an tionscnamh an tábhacht a bhaineann le tacaíocht phobalbhunaithe, go háirithe i gceantair thuaithe.
Dúirt sí gur chabhraigh na caiféanna le sláinte na hinchinne agus an folláine a chur chun cinn, agus ag an am céanna, go gcuireann siad deiseanna ar fáil le haghaidh idirghníomhaíocht shóisialta a bheadh teoranta murach sin de bharr achair nó de bharr rochtana ar sheirbhísí.
Dúirt Karen Mannion, Príomhfheidhmeannach Fhóram Chonamara, gur aithnítear leis an ngradam an difríocht a bhí á déanamh ag na caiféanna ar fud Chonamara agus Oirthear na Gaillimhe.
Dúirt sí go raibh na caiféanna nuabhunaithe i bpobail áitiúla ag cabhrú le daoine teacht ar fhaisnéis agus ar thacaíocht ó dhaoine eile, agus ag an am céanna ag dul i ngleic leis an stiogma a bhaineann le caillteanas cuimhne agus le néaltrú.
Tá Tionscnamh Caifé Néaltraithe Chonamara ar cheann de na hocht dtionscadal, idir thionscadail faoi stiúir Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus cinn a fhaigheann tacaíocht uaithi, atá roghnaithe do Ghradaim don Sármhaitheas sa Rialtas Áitiúil de chuid Seomraí Tráchtála na hÉireann don bhliain 2026. Is é sin an líon is mó ainmniúchán a fuair an chomhairle riamh ó bunaíodh na gradaim.
Is iad na tionscadail eile atá ar an ngearrliosta ná Park Lodge, 60+ Climate Drive, tionscadal Gairdín Céadfach agus Áineas Gníomhach Gharraí Phálás Thuama, Páirc Phobail an Líonáin, Féile Ilchultúrtha Lár an tSamhraidh Bhéal Átha na Sluaighe, Tiny Mutiny agus Scoil an Phiarsaigh 2025. Fógrófar buaiteoirí an ghradaim an 26 Samhain 2026 ag an Óstán Crowne Plaza, Seantrabh, Baile Átha Cliath.