D’fhoilsigh Comhairle Chontae na Gaillimhe inniu a Tuarascáil maidir leis an mBearna Pá idir na hInscní, ina gcaitear léas ar an difear céatadáin idir an tsuim a íoctar le fir agus an tsuim a íoctar le mná ar an meán san eagraíocht, beag beann ar róil nó ar leibhéil.
Léirítear meán Bhearna Pá idir na hInscní 3.70% i dtuarascáil 2026. Ciallaíonn sé seo go n-íoctar fir 3.70% níos mó ná mná ar an meán. Ní chiallaíonn sé sin go n-íoctar níos lú le mná ná le fir as an bpost céanna a dhéanamh, ach léiríonn sé go bhfuil fir i róil a bhfuil pá níos airde acu ná mná ar an meán.
58%:42% (fireann: baineann) ba ea briseadh síos inscne gach fostaí ar an 30 Meitheamh 2026.
Ceanglaítear ar fhostóirí a bhfuil níos mó ná 150 fostaí acu in Éirinn a sonraí maidir le bearna phá idir na hinscní a fhoilsiú roimh dheireadh 2026 agus laistigh de shé mhí óna ndáta tagartha. Is é an 30 Meitheamh 2026 an dáta tagartha a roghnaíonn Comhairle Chontae na Gaillimhe agus ag gach údarás áitiúil sa tír.
Cuidíonn foilsiú ár sonraí maidir leis an mbearna phá idir na hinscní lenár bhfócas ar ionad oibre oscailte agus ionchuimsitheach a neartú i gComhairle Chontae na Gaillimhe. Is ionann ár n-eagraíocht agus áit ina bhfuil na deiseanna céanna ag gach fostaí maidir le haitheantas agus forbairt gairme agus ina gcaitear go cóir agus go cothrom leo ag an obair. Táimid tiomanta i gcónaí d’aghaidh a thabhairt ar bhacainní ar chomhionannas san ionad oibre agus do phobal oscailte agus ionchuimsitheach san ionad oibre a chruthú. Tá a lán tionscnamh agus tacaíochtaí comhionannais, éagsúlachta agus ionchuimsitheacha i bhfeidhm cheana féin, agus leanfaimid linn de bheith ag obair sa réimse sin.”
Breathnaigh ar thuarascáil na Comhairle maidir le Bearna Phá idir na hInscní anseo -
Tugtar deis do dhaoine a bhíonn ag obair sa rialtas áitiúil ról tábhachtach a imirt san fhorbairt dhearfach ar a gcontae agus ar a bpobal. Mar fhostóir, tá Comhairle Chontae na Gaillimhe tiomanta do thimpeallacht dhearfach agus thacúil a chur ar fáil d’fhostaithe. Tairgeann an Chomhairle socruithe solúbtha agus oiriúnach do theaghlaigh, obair chumaisc, agus deiseanna iontacha maidir le dul chun cinn gairmiúil agus le hoideachas.
Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe ag moladh d’aon duine atá ag cuardach poist dul chuig ár suíomh gréasáin agus tuilleadh eolais a fháil faoin obair a bhíonn ar siúl againn.