Tá athdhearbhú déanta ag ceannairí cathartha agus cultúir Chathair agus Chontae na Gaillimhe ar a ndúthracht maidir le tacaíocht a thabhairt do ghnóthaí scannánaíochta agus teilifíse agus don scéalaíocht ar scáileán ar fud an réigiúin agus béim á leagan acu ar an tábhacht atá le cumas daoine a chothú, le féiniúlacht cultúir agus leis an gcomhar idirnáisiúnta trí Ghaillimh a ainmniú ina Cathair Scannán UNESCO.
Tháinig ionadaithe de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus Chomhairle Chontae na Gaillimhe le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar dhea-thoradh an ainmniúcháin sin agus ar an tábhacht atá go leanúnach leis chun deiseanna a threisiú do shaothraithe na cruthaitheachta, chun rannpháirtíocht a chothú i mbearta cultúir agus chun Gaillimh a chur chun cinn ar fud an domhain.
Chun tosaigh sa gcomhrá, in éineacht le Alan Duggan agus meitheal Ardán, tá Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe; Liam Conneally, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Chontae na Gaillimhe; Ruth Mulhern, Oifigeach Ealaíne Chomhairle Cathrach na Gaillimhe; Sharon O'Grady, Oifigeach Ealaíne Chomhairle Chontae na Gaillimhe; Brian Barrett, Ceannasaí, Forbairt Eacnamaíochta agus Cultúr agus Stiúrthóir Gníomhach Seirbhíse le Comhairle Cathrach na Gaillimhe; Lorna Baek, Stiúrthóir Gníomhach Seirbhísí le Comhairle Chontae na Gaillimhe; Helen Ogbu, Méara Chathair na Gaillimhe agus Andrew Reddington, Cathaoirleach Chomhairle Chontae na Gaillimhe.
Ón mbliain 2014 i leith, tá stádas Chathair Chruthaitheachta Scannán UNESCO ag Cathair agus Contae na Gaillimhe in éineacht, ainmniúchán a ndéanann Ardán (Ionad Scannánaíochta na Gaillimhe mar a bhíodh) bainistíocht air thar ceann na n-údarás áitiúil. Is teist an t-ainmniúchán ar chion tairbhe na Gaillimhe le fada maidir le cultúr na scannánaíochta agus ar an dúthracht maidir le tacú le forbairt a dhéanamh amach anseo ar earnáil thionscal an scáileáin.
Ag trácht dóibh ar an ainmniúchán, deir ceannairí cathartha agus cultúir na Gaillimhe gur mar gheall ar na daoine an dea-thoradh ar Chathair / Ceantar Scannán UNESCO: lucht déanta na scannán, ealaíontóirí, oidí, pobail, oibrithe deonacha agus lucht gairme an tionscail a chuidigh le bonn a chur faoi earnáil bhríomhar scannánaíochta ar fud na cathrach agus an chontae.
Thug Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe toradh a chuid machnaimh ar thábhacht an ainmniúcháin:“Is teist ainmniúchán na Gaillimhe ina Cathair/Ceantar Scannán ar bheocht cruthaitheachta na cathrach agus an chontae agus dhream na scannánaíochta atá cothaithe anseo le blianta fada. Leantar den oidhreacht sin le tionscnaimh éagsúla, mar shampla an Dúshlán Gairid Scannánaíochta 48 Uair a Chloig, Oiliúint don Oiliúnóir le Misleór agus an Sparánacht do Ghearrscannáin Faisnéise, a thugann deiseanna praiticiúla do dhaoine a bheith páirteach i saol an chultúir i nGaillimh, cion tairbhe a dhéanamh dó agus a gcuid saothair féin a thabhairt chun cinn.”
Cruthaítear, mar gheall ar an ainmniúchán freisin, ceangal idir dream na scannánaíochta i nGaillimh agus craobhchóras idirnáisiúnta UNESCO an tráth céanna a dtugtar tacaíocht d’fhorbairt na scéalaíochta agus na cruthaitheachta ar fud na cathrach agus an chontae.
Leag Liam Conneally, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Chontae na Gaillimhe, béim ar ghné réigiúnach an ainmniúcháin:“Aithnítear leis an gCeantar Scannán go leathann cultúr na scannánaíochta i nGaillimh ar fud na Cathrach agus an Chontae. Tá príomhbhéim againn ar dheis a chruthú do scéalta i nGaeilge agus i mBéarla, do chothú an chumais i muintir na Gaillimhe agus do dhaoine cumasacha de chuid na háite dul i gcion ar lucht féachana náisiúnta agus idirnáisiúnta. Ceanglaíonn tionscnaimh de leithéid Malartú Saothair Beochana bliantúil an Chláir Comhar Gaeilge daoine anseo, a shaothraíonn i réimsí cruthaitheachta don scáileán, leis na Cathracha Scannán ar fud an domhain agus cuidíonn an t-ainmniúchán buan le hearnáil an chlosamhairc a choinneáil ina réimse príomhbhéime go seasta leanúnach agus an phleanáil fhadtéarmach ar chúrsaí cultúir á dhéanamh againn.”
Eagraíodh cruinniú bliantúil 2026 fholíonra Chathracha Scannán UNESCO i nGaillimh le seachtain anuas, le hionadaithe i láthair ó 15 Chathair Chruthaitheachta den 30 cathair uilig atá i gceist, agus bhí deis ag na toscairí idirnáisiúnta teacht le chéile go bhfuair blas ar chultúr agus ar chruthaitheacht chathair agus chontae na Gaillimhe agus gur chas le lucht scannánaíochta agus teilifíse na háite seo, le linn dóibh gnó an chruinnithe bhliantúil a dhéanamh.
Tuilleadh eolais faoi Chruinniú Fholíonra Chathracha Scannán UNESCO 2026 i nGaillimh.
Leanann Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Comhairle Chontae na Gaillimhe agus Ardán in éineacht de dhea-thoradh ar an ainmniúchán a thabhairt i gcrích le cláir áitiúla, comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta agus deiseanna do lucht na cruthaitheachta don scáileán ar fud na cathrach agus an chontae.
Tá níos mó ná ainmniúchán i gceist le Cathair Scannán UNESCO ag Cathair agus Contae na Gaillimhe. Tá díograis i gcomhar i gceist maidir le seasamh leis an gcruthaitheacht, le tacaíocht a thabhairt d’ealaíontóirí agus do lucht déanta scannáin, agus lena chinntiú go leantar de scéalta an réigiúin seo a insint agus a chur i láthair ar fud an domhain.