Cuardaigh

Tá Leabharlanna Phoiblí na Gaillimhe ag Bailiú Aiseolais ó Chustaiméirí chun Straitéis Nua 5 Bliana a Fhorbairt



Léirigh do thuairimí i dtodchaí leabharlanna poiblí na gaillimhe

 

Tá Leabharlanna Phoiblí na Gaillimhe ag tabhairt cuireadh don phobal páirt a ghlacadh i suirbhé gairid chun cabhrú le forbairt straitéise nua 5 bliana do sheirbhísí leabharlainne ar fud chathair agus chontae na Gaillimhe. Úsáidfear an t-aiseolas a bhailítear le cinntiú go leanfaidh na seirbhísí leabharlainne ag freastal ar riachtanais athraitheacha an phobail.

Tógann an suirbhé thart ar 5–7 nóiméad le críochnú agus beidh sé ar fáil ón 3ú go dtí an 13ú Samhain 2025. Cuirfear gach suirbhé comhlánaithe isteach i gcrannchur le dearbhán leabhair €100 mar chomhartha buíochais a bhuachan.

Moltar d'úsáideoirí leabharlainne, baill pobail agus páirtithe leasmhara a dtuairimí a léiriú ar na seirbhísí reatha agus moltaí a thabhairt maidir le feabhsuithe nó smaointe nua a d'fhéadfaí cuir i bhfeidhm. Cabhróidh d'ionchur le Leabharlanna Phoiblí na Gaillimhe seirbhísí cuimsitheacha, nuálacha agus freagrúla a chur ar fáil do chách.

👉 [Glac páirt sa Suirbhé anseo] Leabharlanna na Gaillimhe – Suirbhé Comhairliúcháin Phoiblí 2025