Cuardaigh

Síneadh Ama Curtha Leis An Spriocdháta: Scoláireachtaí Gaeltachta Phádraig Mhic Phiarais 2026

Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe tar éis síneadh ama a chur le spriocdháta na n-iarratas do Scoláireachtaí Gaeltachta Phádraig Mhic Phiarais 2026 go dtí 19 Nollaig 2025. 

Ina theannta sin, tá áthas orainn a chur in iúl go bhfuil Coláiste na bhFiann anois mar chuid den chlár, a chiallaíonn go bhfuil tuilleadh scoláireachtaí ar fáil! 
 
Tugann na scoláireachtaí deis do dhaltaí freastal ar chúrsa coláiste samhraidh lánmhaoinithe i nGaeltacht i gConamara, áit ar féidir leo a gcuid scileanna Gaeilge a fheabhsú agus taitneamh a bhaint as réimse gníomhaíochtaí suimiúla. 

 
Tá an fhoirm iarratais agus an bhileog eolais le fáil tríd an nasc thíos. Tá sonraí iomlána maidir le hincháilitheacht agus conas iarratas a dhéanamh sna doiciméid seo. Is é an 19 Nollaig 2025 an spriocdháta uasdátaithe le haghaidh iarratais. Tá fáilte roimh iarratais i nGaeilge. 

Tuilleadh eolais: Tacaíochtaí Gaeilge 

Your Council