Cuardaigh

Scéimeanna Tacaíochta Pobail 2026

Tá iarratais á lorg ó Ghrúpaí Pobail agus Deonacha le haghaidh maoiniú i dtreo ghníomhaíochtaí agus imeachtaí a bheidh chun leasa phobail áitiúla ar fud an chontae agus a thacóidh le forbairt inbhuanaithe eacnamaíochta, pobail, agus chultúra. 

  • Scéim Tacaíochta do Thuraisóireacht, Féilte agus Imeachtaí: Féilte Tuarasóireachta agus Imeachtaí Rannpháirteacha
  • Scéim Tacaíochta d’Fhorbairt Pobail: Áiseanna Pobail; Gníomhaíochtaí Bailte Slachtmhara i Spásanna Poiblí.
  • Scéim Tacaíochta d’Fhorbairt Chultúir: Deontais faoin Acht Ealaíon; Deontais Oidhreachta; Gníomhaíochtaí Bolscaireachta ar son na Gaeilge.
  • Scéim Tacaíochta d’Fhorbairt Chomhshaoil: Oibreacha Feabhsúcháin ar Reiligí, Oibreacha Feabhsúcháin Chomhshaoil.
  • Deontas Rannpháirtíochta agus Forbartha Spóirt 

Is iarratas amháin an uasmhéid d’iarratas gur féidir le iarratasóirí a chur isteach in aghaidh na Scéime Tacaíochta.

Ba chóir d’iarratasóirí iarratas a dhéanamh tríd ár gcóras deontas ar líne ag https://galwaycoco.submit.com/ seachas iarratais deontais do Ghníomhaíochtaí Bolscaireachta ar son na Gaeilge atá ar fáil ó gaeilge@cocogaillimh.ie 

Is é an dáta deiridh chun iarratais chomhlánaithe a fháil ná 23 Eanáir 2026 ag 4pm.

Beidh tuilleadh eolais ar fáil ar leathanach ár Scéimeanna Tacaíochta Pobail.