Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe ag glacadh le hiarratais anois do Scoláireachtaí Gaeltachta Phádraig Mhic Phiarais 2026.
Tugann na scoláireachtaí deis do dhaltaí freastal ar chúrsa coláiste samhraidh lánmhaoinithe i nGaeltacht i gConamara, áit ar féidir leo a gcuid scileanna Gaeilge a fheabhsú agus taitneamh a bhaint as réimse gníomhaíochtaí suimiúla.
Tá sonraí iomlána maidir le hincháilitheacht agus conas iarratas a dhéanamh sa nasc thíos. Is é an 5 Nollaig 2025 an spriocdháta le haghaidh iarratais. Tá fáilte roimh iarratais i nGaeilge.
Tuilleadh sonraí ag: Tacaíochtaí Gaeilge
Your Council