Cuardaigh

Comhairle ón gComhairle Contae: Foláireamh Sábháilteachta maidir le teaschaidéil Tucson

Tá an Chomhairle ar an eolas gur eisigh an Coimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí (CCPC) foláireamh sábháilteachta práinneach mar go bhféadfadh 114,000 caidéal imshruthaithe atá suiteáilte i gcórais teasa in Éirinn riosca tromchúiseach leictriú a chruthú agus táimid ag obair lenár gconraitheoirí chun measúnú a dhéanamh ar mhéid na faidhbe inár stoc tithíochta.

Tugaimid faoi deara gur luaigh an CCPC an méid seo a leanas: "Is iad na táirgí lena mbaineann caidéil Tucson 5m, 6m agus 8m a rinneadh idir 2017 agus 2024. Cé gur féidir le tomhaltóirí leanúint orthu ag úsáid a gcórais teasa mar is gnách, ní mór dóibh a bheith cúramach gan na caidéil lena mbaineann a láimhseáil mar go bhfuil riosca tromchúiseach leictriú ann. Áirítear leis seo an caidéal a dhí-cheangal, a rialú nó iarracht a dhéanamh ar aon chothabháil a dhéanamh orthu.”

An Chomhairle Reatha ón CCPC

Comhairle do thomhaltóirí:

• Ná déan aon teagmháil leis an gcaidéal.

• Cuardaigh an branda Tucson.

• Más ó Tucson atá do chaidéal, faigh an uimhir sraitheach atá chun tosaigh ar an gcaidéal

• Seiceáil an uimhir thíos nó ag https://tucsonpumps.com/serial-numberchecking-tool/, nó trí ghlaoch a chur ar 01 842 6255.

Ina theannta sin, chuirfeadh an Chomhairle in iúl do thionóntaí, má fheiceann siad ainm branda Tuscon ar an gcaidéal, go ndéanfaidís teagmháil leis an gComhairle agus go gcuirfidís in iúl dúinn é seo a leanas: trí ríomhphost tucsonpumps@galwaycoco.ie nó trí ghlaoch ar 091 509306.

Comhairle do Cheardaithe

• Tá ceardaithe an-leochaileach i leith an riosca tromchúiseach leictriú ó chaidéil atá i mbaol.

• Má tá tú ag cur seirbhís, ag cothabháil, ag athchur nó ag obair ar chórais teasa ar chúis ar bith, ní mór duit tú féin a chur ar an eolas faoi shonraí an aisghairme seo

• Téigh chuig CCPC.ie nó chuig tucsonpumps.com, bíodh tuiscint agat ar an riosca agus ná déan teagmháil le nasc leictreach caidéil atá i mbaol.

Sonraí táirge

Baineann an riosca leictriú le caidéil imshruthaithe a táirgeadh ag Tucson Pumps Ltd idir 2017 agus 2024. Is féidir an cábla príomhlíonra a nascadh leis an gcaidéal droim ar ais, ag ceadú don bhiorán beo ceangal leis an mbiorán thalmhaithe agus a chruthaíonn riosca tromchúiseach leictriú. Tá caidéil Tucson 5m, 6m agus 8m i mbaol, agus is féidir iad a aithint tríd an uimhir sraitheach a sheiceáil - sraith digití ag tosú le S/N, atá liostaithe ar lipéad an chaidéil. Ní mór d'úsáideoirí gan aon teagmháil a dhéanamh le nasc leictreach an chaidéil. Ciallaíonn uimhreacha sraitheacha ag tosú le haon cheann de na nithe thíos go gcaithfear an caidéal a athsholáthar. Is féidir an uimhir sraitheach a sheiceáil freisin ag CCPC.ie nó https://tucsonpumps.com/serialnumber-checking-tool/
S/N A
S/N B
S/N C
S/N D44 nó níos luaithe
S/N 2017
S/N 2018
S/N 2019
S/N 2020