Cuardaigh

BUISÉAD 2026

BUISÉAD 2026

Tugtar fógra leis seo go bhfuil Dréacht-Bhuiséad do Chomhairle Chontae na Gaillimhe don tréimhse an 1 Eanáir 2026 go dtí an 31 Nollaig 2026 ullmhaithe agus go mbreithneoidh an Chomhairle é ag an   gCruinniú Reachtúil Buiséid a reáchtálfar an Dé hAoine, 14ú Samhain, 2025 ag 1p.m. in Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh. Beidh cóip den Dréacht-Bhuiséad in Oifigí na Comhairle in Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh lena scrúdú ansin, saor in aisce, ag aon duine den phobal ón Aoine 7u Samhain 2025 le linn ghnáthuaireanta oibre na hoifige. Is féidir cóip den Dréacht-Bhuiséad a chur ar fáil do gach duine a dhéanfaidh iarratas ar chóip ar chostas fiche euro (€20.00) .