Iarratas a dhéanamh ar uimhirphlátaí trádála
Seol foirm iarratais chomhlánaithe ar Uimhirphlátaí Trádála RF700, mar aon leis na doiciméid riachtanacha arna luadh thíos, chuig an Oifig Mótarchánach, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Cnoc na Radharc, Gaillimh.
Doiciméid riachtanacha:
- Cóip de dheimhniú ar árachas mótarthrádala
- Cruthúnas ar rátaí tráchtála don áitreabh gnó atá liostaithe ar an bhfoirm iarratais
- Más ag feidhmiú ó áitreabh nua nach bhfuil measúnú nó luacháil rátaí déanta air fós atá an mótardhéileálaí, ní mór litir ón Oifig Rátaí ina ndearbhaítear go bhfuil an próiseas faoi luacháil, nó cóip den chead pleanála, a chur isteach
- Íocaíocht:
- €353 le haghaidh mótarfheithiclí
- €59 le haghaidh gluaisrothar
- Athsholáthairtí: €86 (mótarfheithiclí) / €38 (gluaisrothar)