Ní mór duit mótarcháin a íoc má tá d'fheithicil á úsáid ar bhóthair phoiblí. Is féidir dioscaí mótarchánacha a eisiúint le haghaidh tréimhse 3, 6, nó 12 mhí, ach ní féidir iad a eisiúint do mhíonna atá thart. Má íocann tú go déanach, gearrfar riaráistí míosúla ort ag aon deichiú den ráta bliantúil.
Rátaí mínithe
Tá dhá chóras ann faoina ríomhtar mótarcháin do charranna paisinéirí.
I gcás feithiclí príobháideacha a cláraíodh den chéad uair roimh an 1 Iúil 2008, ríomhtar mótarcháin bunaithe ar mhéid innill na feithicle.
I gcás feithiclí príobháideacha a cláraíodh den chéad uair ar an nó tar éis an 1 Iúil 2008, suas go dtí an 31 Nollaig 2020, an dáta sin san áireamh, ríomhtar mótarcháin bunaithe ar leibhéil astaíochtaí CO2 (luach NEDC) na feithicle
I gcás feithiclí príobháideacha a cláraíodh ar an nó tar éis an 1 Eanáir 2021, ríomhtar mótarcháin bunaithe ar leibhéil astaíochtaí CO2 (Luach WLTP) na feithicle.
Ríomhtar mótarcháin feithiclí tráchtála bunaithe ar cc an innill i gcónaí
Rátaí agus díolúintí mótarchánacha le héifeacht ó Eanáir 2021
<drupal-media data-entity-type="media" data-entity-uuid="2d83ac9e-8c90-4e16-a062-cf6b396c869d"> </drupal-media>