Cuardaigh

Iarratais le haghaidh leantóirí

Bíonn sonraí ar na foirmeacha iarratais agus doiciméid tacaíochta ag teastáil agus tú ag déanamh iarratais ar cheadúnas leantóra.

Leantóir Nua nó Iompórtáilte a Chlárú

Má tá leantóir nua nó iompórtáilte á chlárú agat, líon isteach na foirmeacha iarratais seo a leanas agus cuir isteach san Oifig Mótarchánach iad mar aon leis an deimhniú uimhirphláta RA nó deimhniú comhréireachta CE.

I gcásanna nach bhfuil deimhniú ar phlátaí nó deimhniú comhréireachta, ní mór d'iarratasóirí an fhoirm seo a leanas a chomhlíonadh

 (TF300B le comhlíonadh ag an monaróir)

I gcás nach féidir teagmháil a dhéanamh leis an monaróir, caithfidh Ionad Tástála Ceadaithe (ITC) de chuid an Údaráis um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann (ÚCNÉ) an fhoirm a líonadh.

Tá liosta iomlán de ITCanna ar fáil ar https://www.nsai.ie

Táille Chlárúcháin: €60

 

Más mian le hiarratasóirí úinéireacht an leantóra a athrú, líon an fhoirm iarratais seo a leanas 

          agus TF5 (cárta ceadúnais leantóra).

 

Más mian le hiarratasóirí sonraí maidir le húinéireacht a athrú, líon isteach an fhoirm seo a leanas, le do thoil 

          agus TF5 (cárta ceadúnais leantóra).

 

Más mian le hiarratasóirí sonraí maidir le leantóir a athrú, líon isteach an fhoirm seo a leanas, le do thoil

          agus TF5 (cárta ceadúnais leantóra).

 

Más mian le hiarratasóirí a gceadúnas leantóra a athnuachan, líon isteach an fhoirm seo a leanas 

          agus TF5 (cárta ceadúnais leantóra).

 

Más mian le hiarratasóirí cárta ceadúnais leantóra nua a fháil in áit a gcárta bhunaidh, líon isteach Foirm RF134 le haghaidh Doiciméid Athsholáthair.  (€6).

 

Ba chóir gach iarratas comhlánaithe agus íocaíochtaí a sheoladh chuig an Oifig Mótarchánach, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Cnoc na Radharc, Gaillimh.