Cuardaigh

Doiciméid athsholáthair

Eolas ar conas doiciméid mhótarchánacha ionaid a iarraidh, lena n-áirítear na táillí agus na coinníollacha is infheidhme maidir le míreanna a cailleadh.

Má theastaíonn aon cheann de na doiciméid athsholáthair seo a leanas, comhlánaigh Foirm RF134 Iarratas ar Dhoiciméid Athsholáthair (PDF, 83.18KB). Ní mór an fhoirm a stampáil agus a dhearbhú ag Stáisiún na nGardaí. 

Cuir an fhoirm chomhlánaithe mar aon leis an táille chuí isteach sa phost nó go pearsanta chuig an Oifig Mótarchánach, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Cnoc na Radharc, Gaillimh. 

  • Leabhar / Deimhniú / Turasleabhar Clárúcháin Feithicle: €12
  • Diosca Mótarchánach: €6
  • Ceadúnas Leantóra: €6
  • Uimhirphlátaí Trádála (gluaisrothar): €38
  • Uimhirphlátaí Trádála (gach feithicil eile): €86

     

Tabhair faoi deara: Má cailleadh an doiciméad sa phost, eiseofar ceann eile duit saor in aisce, ar choinníoll go bhfaighfear d'iarratas idir 10 agus 30 lá oibre ón dáta eisiúna. 

Beidh táille le híoc i gcás iarratas a fhaightear lasmuigh den tréimhse sin.

Ní féidir an próiseas sin a dhéanamh ar líne toisc go dteastaíonn fíorú ó Gharda.