Ní mór gach iarratas ar aisíocaíocht a dhéanamh ar an bhfoirm iarratais RF120 Iarratas ar Aisíocaíocht (PDF, 122.71KB) Ní mór Garda ó do Stáisiún Gardaí áitiúil stampa a chur leis an bhfoirm sin agus í a dhearbhú. Ní mór go mbeadh an diosca mótarchánach agus Bundheimhniú Clárúcháin na Feithicle/Turasleabhar Feithicle le gach iarratas ach amháin má luaitear an mhalairt (más rud é go bhfuil na doiciméid sin caillte agat, ní mór duit RF134 - an tIarratas ar Dhoiciméid Athsholáthair (PDF, 83.18KB) a líonadh le dearbhú nach bhfuil na bundoiciméid agat a thuilleadh agus caithfidh Garda ó do Stáisiún Gardaí áitiúil ainm agus stampa a chur leis an bhfoirm sin).
Incháilitheacht le haghaidh Aisíocaíochtaí
Féadfar aisíocaíochtaí mótarchánach a eisiúint sna cásanna seo a leanas:
- Feithicil scrapáilte atá inti
- Feithicil ghoidte atá inti
- Feithicil easpórtáilte atá inti
- Ní úsáidtear an diosca mótarchánach
- Ní féidir leis an úinéir an fheithicil a úsáid mar gheall ar bhreoiteacht nó gortú
- Níl an t-úinéir sa stát
- Tá earráid i gceist maidir le dleacht feithicle
<blockquote>
Tabhair faoi deara: Ní eisítear aisíocaíochtaí nuair a dhíoltar feithicil.
</blockquote>
Chun cáiliú le haghaidh aisíocaíochta, ní mór go mbeidh do ráta bliantúil cánach níos mó ná €119.
Conas Iarratas a Dhéanamh
Chun iarratas a dhéanamh ar aisíoc mótarchánach:
- Comhlánaigh an fhoirm RF120.
- Seol an fhoirm mar aon leis na doiciméid tacaíochta riachtanacha chuig:
Oifig Mótarchánach
Comhairle Chontae na Gaillimhe
Cnoc na Radharc
Gaillimh
Sula gcuireann tú d'iarratas isteach, déan cinnte go bhfuil na critéir incháilithe athbhreithnithe go cúramach agat agus go bhfuil na doiciméid riachtanacha go léir bailithe agat.
Iarratas a dhéanamh ar d'aisíocaíocht
Foirm RF120
Le haghaidh feithiclí scrapáilte/scriosta
I gcás feithiclí atá scrapáilte/scriosta, ní mór duit cóip den Deimhniú um Dhíothú arna eisiúint ag an saoráid chóireála údaraithe, áit a rinneadh an fheithicil a scrapáil (ní gá Deimhniú Clárúcháin Feithicle a chur san áireamh san iarratas seo). Seo thíos liosta de shaoráidí cóireála údaraithe i nGaillimh.
Le haghaidh feithiclí atá díscríofa ag Cuideachta Árachais, beidh gá le litir ón gCuideachta sin ina ndeimhnítear go bhfuil an fheithicil go hiomlán díscríofa, i.e. Catagóir A nó B, a chur le d'iarratas. Tabhair faoi deara nach bhfuil feithiclí atá aicmithe mar fheithiclí dhíscríofa Catagóir C nó D incháilithe le haghaidh aisíocaíochta. (Ní gá Deimhniú Clárúcháin Feithicle a chur san áireamh san iarratas seo)
Ní mór 3 mhí féilire iomlána ar a laghad a bheith fágtha (nach bhfuil imithe in éag) ar an diosca mótarchánach ón dáta a rinneadh an fheithicil a scrapáil/a dhíscríobh.
| Saoráid Chóireála Údaraithe | Sonraí Teagmhála |
| Brendan Higgins Car Dismantlers, an Chealtrach, Béal Átha na Sluaighe |
09096 78423 / 087 9905768 |
| CSC Components Car Dismantlers, Cnoc an Eanaigh, Béal Átha Glúinín, Tuaim | 086 7774796 |
| Forde Dismantlers, Cathair Mhuiris, Cor an Dula | 091 791177 |
| Galway Metal Company, Órán Mór | 091 794358 |
| Galway Vehicle Recycling Centre, Aonad 1, Eastát Tionscail an Bhaile Bháin, Bóthar Thuama, Gaillimh | 091 755616 |
| Headford Road Car Dismantlers, Ceathrú an Bhrúnaigh | 091 751148 |
| Mongan Scrap Yard, an Chlúid, Cor an Dola |
091 791259 / 085 1670166 |
| Nohilly Car Dismantlers, Comar, Tuaim | 093 41602 |
Le haghaidh feithiclí goidte
I gcás feithiclí goidte, ní mór tuarascáil Garda ina ndeimhnítear dáta na gada agus nár aimsíodh an fheithicil ó shin a chur le d'iarratas. Ní mór 3 mhí féilire iomlána ar a laghad a bheith fágtha (nach bhfuil imithe in éag) ar an diosca mótarchánach ón dáta a goideadh an fheithicil.
Le haghaidh feithiclí easpórtáilte
I gcás feithiclí easpórtáilte, ní mór cóip de na doiciméid athchlárúcháin ón tír easpórtála a chur le d'iarratas. Ní mór 3 mhí féilire iomlána ar a laghad a bheith fágtha (nach bhfuil imithe in éag) ar an diosca mótarchánach ón dáta a rinneadh an fheithicil a athchlárú.
Ní úsáidtear an diosca
Baineann an chatagóir seo le diosca mótarchánach nár úsáideach riamh. Ní eiseofar aisíocaíocht ach amháin má chuirtear an diosca mótarchánach ar ais roimh thús na tréimhse cánach.
Mar gheall ar bhreoiteacht/gortú
Ar chúiseanna gortaithe/breoiteachta, ní mór deimhniú leighis ó dhochtúir a chlúdaíonn tréimhse ar leith a chur san áireamh le d'iarratas. Ní mór 3 mhí féilire iomlána ar a laghad a bheith fágtha (nach bhfuil imithe in éag) ar an diosca mótarchánach ón dáta a cuireadh d'iarratas isteach.
Níl an t-úinéir sa Stát
I gcás neamhláithreachta ón Stát, ní mór litir ó Óglaigh na hÉireann, ó fhostóir nó ó choláiste, ina ndeimhnítear cineál agus tréimhse na neamhláithreachta, a chur san áireamh le d'iarratas.nbsp; Ní mór 3 mhí féilire iomlána ar a laghad a bheith fágtha (nach bhfuil imithe in éag) ar an diosca mótarchánach ón dáta a cuireadh d'iarratas isteach.
Earráid maidir le dleacht feithicle
Más rud é go bhfuil aisíocaíocht dlite duit, e.g. mar gheall ar earráid nó athrú ar d'aicme chánach/meáchan d'fheithicle, ní mór duit Foirm Iarratais RF120 Iarratas ar Aisíocaíocht (PDF, 122.71KB) a chur le do sheandiosca mótarchánach agus iarratas á dhéanamh agat ar dhiosca mótarchánach nua.