Ní mór duit dearbhú a dhéanamh chuig na Coimisinéirí Ioncaim más B, C, nó D (nó bán) é an chatagóir VRT ag J1 den Deimhniú Clárúcháin Feithicle agus má rinne tú na nithe seo a leanas:
- Suíochán breise a chur/suíochán a bhaint
- an fheithicil a athoiriúnú ina feithicil de Chatagóir N1 an AE, le níos mó ná sraith amháin suíochán. (3 shuíochán nó níos mó)
- an fheithicil a athoiriúnú ina mótarcharbhán
- Athrú ar chineál coirp na feithicle
Ceanglaítear ar úinéirí feithiclí athoiriúnaithe a thagann faoi aon cheann de na catagóirí thuas a n-iarratas a chur faoi bhráid na gCoimisinéirí Ioncaim i Loch Garman lena mheas, sula chuirtear isteach chuig an Oifig Mótarchánach é. Seol iarratais chuig:
Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, An Rannán Gnó, Sráid Áine, Loch Garman, Y35 E29K
Is féidir sonraí faoi na doiciméid a theastaíonn ó na Coimisinéirí Ioncaim a fháil ag: https://www.revenue.ie/en/vrt/conversions/conversion.aspx
Nuair a bheidh do fhreagra faighte agat ó na Coimisinéirí Ioncaim, cuir isteach chuig an Oifig Mótarchánach é mar aon leis na doiciméid seo a leanas:
__________________________________________________________________________________
Is féidir le húinéirí feithiclí a bhfuil athoiriúnú á dhéanamh orthu ó chatagóir M1 AE go catagóir N1 AE, nó atá i gcatagóir VRT A ag J1 ar an VRC, a n-iarratas ar athoiriúnú a chur isteach chuig an Oifig Mótarchánach.nbsp;
Doiciméid riachtanacha:
- Foirm RF111 ar Athrú Sonraí
- Foirm RF111A um Dhearbhú ar Earraí Amháin le cruthúnas ar thrádáil/gnó (má tá cáin thráchtála á cur). Le haghaidh tuilleadh eolais, féach cúl RF111A
- Deimhniú ar Árachas Tráchtála (má tá cáin thráchtála á cur)
- Dearbhú ar athoiriúnú ag duine atá cáilithe go cuí (SQI) le cur síos mionsonraithe ar an obair atá déanta (le haghaidh tuilleadh eolais maidir le SQIanna, féach Na Coimisinéirí Ioncaim-Daoine atá Cáilithe go Cuí).
- Teastas cáilíochta ag teastáil ó SQIanna ó ionaid tástála neamhúdaraithe
- VRC (turasleabhar feithicle)
- Grianghraif den fheithicil roimh (más féidir) agus tar éis na hoibre a rinneadh uirthi
- Sonrasc don obair a rinneadh