Cad is ReaderPen ann?
Is uirlis foghlama iniompartha, ilchéadfach é ReaderPen chun tacú le léitheoireacht neamhspleách, litearthacht agus foghlaim teanga. Scan téacs leis an ngléas seo chun focail a léamh os ard le guthanna nádúrtha agus féach ar shainmhínithe sna foclóirí agus tú ag léamh. Is uirlis iontach í seo do dhaoine a bhfuil disléicse, lagú radhairc nó aon deacrachtaí eile léitheoireachta acu.
Gnéithe spreagúla ReaderPen
- Léann sé téacs os ard agus tú á scanadh.
- Cuardaíonn sé sainmhínithe focal agus léann sé amach iad.
- Níl aon WiFi ag teastáil.nbsp;
- Déanann sé an téacs a scanadh agus a stóráil go hinmheánach chomh maith le scanadh ar ríomhaire (níl aon bhogearraí ag teastáil).
- Taifeadán gutha le haghaidh meamraim agus chun stór focal agus fuaimniú a fhorbairt.
- 3GB spás úsáideora chun téacs agus fuaim a stóráil.
- Callaire agus seac cluasán.
- Ceallra in-athluchtaithe.
Cá bhféadfainn iad a fháil ar iasacht?
Tá C-Pens ar fáil ar iasacht faoi láthair ar feadh tréimhse coicíse ó na leabharlanna seo a leanas. D’fhéadfadh liostaí feithimh a bheith i bhfeidhm.
- Béal Átha na Sluaighe
- An Baile Bán
- An Clochán
- Cathair na Gaillimhe
- Baile Locha Riach
- Leabharlann Taistil
- Órán Mór
- Port Omna
-
Téigh i dteagmháil go díreach leis an leabharlann chun C-Pen a chur in áirithe.