Is bunachar sonraí ar líne é Lote4Kids de leabhair phictiúr do leanaí i réimse teangacha.
Tá leagan teanga agus leagan Béarla ar gach leabhar pictiúr ar Lote4Kids, mar aon le hinsint fuaime ó chainteoirí dúchais.
Tá na mílte leabhar ann i níos mó ná 99 teanga, an Ghaeilge san áireamh. Tá na leabhair oiriúnach do leanaí atá 3 bliana d'aois agus os a chionn.
Faigh rochtain ar Lote4Kids tríd an suíomh gréasáin agus le huimhir do chárta leabharlainne, nó íoslódáil an Aip ar Google Play nó an App Store agus sínigh isteach le huimhir do chárta leabharlainne.