Is é cuspóir le Tús do Chéimithe cabhrú lenár gcuideachtaí dúchasacha a ngnólachtaí a mhéadú de réir scála agus a fhás trí céimithe tallannacha a thabhairt isteach chun tionscadail atá sainithe go soiléir a sholáthar.
Cuireann tionscnamh Tús do Chéimithe tacaíocht ar fáil do chliaint OFÁ a chomhlíonann critéir incháilitheachta áirithe chun céimí amháin a fhostú ag aon am amháin, ar feadh tréimhse conartha céimithe dhá bhliain. Is socrúchán céimithe leathanbhunaithe é ar fud na ndisciplíní agus na n-earnálacha go léir.
Tá suíomh gréasáin tiomnaithe deartha agus forbartha ag Fiontraíocht Éireann dá tairiscintí agus dá tionscnaimh do chéimithe - www.gradhub.ie. Chun tacú le cliantchuideachtaí céimithe a mhealladh agus a earcú, is féidir le cuideachtaí a ndeiseanna a fhógairt tríd an suíomh gréasáin seo.