Cuardaigh

Taighde, Forbairt agus Nuálaíocht

Cistiú agus tacaíocht do chliaint OFÁ chun táirgí, seirbhísí nó próisis nuálacha a fhorbairt trí Thionscnaimh TF&N.

Tá an Taighde, an Fhorbairt agus an Nuálaíocht (TF&N) agus cur i bhfeidhm an eolais ríthábhachtach chun go n-éireoidh le tionscal na hÉireann amach anseo. Tá an Ciste deartha chun tacaíocht a sholáthar do thaighde, d'fhorbairt agus do nuálaíocht theicneolaíoch atá ábhartha ag gach céim d'fhorbairt cuideachtaí, agus a chuirfidh ar chumas cuideachtaí dul ar aghaidh ó thionscadal taighde tosaigh a dhéanamh go gníomhaíocht ardleibhéil Nuálaíochta agus T&F.

Is féidir le Cuideachtaí Cliaint incháilithe OFÁ iarratas a dhéanamh ar an gciste le haghaidh tacaíocht chun táirgí, seirbhísí nó próisis nua nó feabhsaithe a fhorbairt faoi na tairiscintí seo a leanas:

  • Cistiú TF&N
  • Tairiscint Straitéis MI (Túschúrsa MI agus MI Plus)
  • Clár Comhpháirtíochta Nuálaíochta
  • Dearbháin Nuálaíochta