Is tionscnamh de chuid OFÁnna í an tSeachtain Fiontair Áitiúil chun feasacht agus tuiscint a mhúscailt ar an gcabhair a chuireann siad ar fáil, agus ar na buntáistí a d'fhéadfadh a bheith ag na tacaíochtaí sin do ghnólachtaí nua agus do ghnólachtaí atá ann cheana.
Tugann sé deis d'fhiontraithe ionchasacha, do ghnólachtaí nuathionscanta agus do ghnólachtaí seanbhunaithe blaiseadh a fháil den mhéid atá á chur ar fáil OFÁnna, is cuma cén chéim den ghnó atá i gceist.