Tá an Clár Meantóireachta deartha chun eolas, scileanna, léargais agus cumas fiontraíochta cleachtóirí gnó a bhfuil taithí acu a mheaitseáil le húinéir/bainisteoirí gnólachtaí beaga a dteastaíonn comhairle agus treoir phraiticiúil agus straitéiseach uathu. Cuireann an meantóir breathnóireacht agus comhairle neamhspleách, eolach ar fáil chun cabhrú le cinnteoireacht.
Pléitear le gach iarratas ar chúnamh meantóra ina n-aonar agus déantar anailís ar riachtanais ghnó roimh ré chun príomhriachtanais an ghnó a mheas agus chun na cuspóirí meantóireachta is riachtanaí a chinneadh.
Tá an Clár Meantóireachta oscailte do ghnólachtaí nua agus do ghnólachtaí atá ann cheana atá lonnaithe i réigiún OFÁ na Gaillimhe.