Is é Lá Náisiúnta Fiontraíochta na mBan an t-imeacht is mó in Éirinn chun mná san fhiontraíocht a cheiliúradh agus tá sé ina phríomhdháta i bhféilire OFÁ ó 2006.
Bíonn imeachtaí ar siúl ar fud na tíre le raon cainteoirí spreagúla agus topaicí a chlúdaíonn gach rud ó cheannaireacht, meon straitéiseach a fhorbairt go dul i ngleic le dúshláin an digitithe. Príomhchuspóir de chuid an Rialtais is ea líon na mbanfhiontraithe agus na mban i ngnó i gcoitinne a mhéadú.
Tá sprioc uaillmhianach ag Fiontraíocht Éireann líon na gcuideachtaí faoi stiúir ban atá ag fás go hidirnáisiúnta a mhéadú 100% faoi 2025.