Cuardaigh

Digiteach don Ghnó

Is tionscnamh é Digiteach don Ghnó atá ceaptha chun buntáiste digiteach a thabhairt do chliaint na hOifige Fiontair Áitiúil

Ní mór do ghnólachtaí beaga gach buntáiste a uasmhéadú - agus trí straitéis dhigiteach a chur chun feidhme is féidir buntáiste ceart a thabhairt do ghnólachtaí. 

Is tionscnamh é Digiteach don Ghnó ón Oifig Fiontair Áitiúil atá deartha chun an buntáiste digiteach sin a thabhairt do chliaint atá maoinithe ag an Oifig Fiontair Áitiúil. Ó phróisis a bharrfheabhsú go taithí dhigiteach shaoráideach a sholáthar do chustaiméirí, is é an aidhm atá leis cabhrú le cuideachtaí plean a ullmhú agus a chur chun feidhme chun uirlisí agus teicnící digiteacha a ghlacadh ar fud an ghnó. 

Tá Digiteach don Ghnó ceaptha chun cabhrú le gnólachtaí plean a ullmhú agus a chur i bhfeidhm chun uirlisí agus teicnící digiteacha a ghlacadh ar fud an ghnó. Cuirfidh Digiteach don Ghnó idirghabháil straitéiseach ar fáil do ghnólachtaí chun oibriú le comhairleoirí tríú páirtí chun:  

  • cabhrú leo a aithint cá bhfuil siad ar a dturas gnó digiteach
  • plean oiriúnaithe dhigitigh a fhorbairt bunaithe ar a riachtanas sainaitheanta
  • a bplean oiriúnaithe dhigitigh a chur chun feidhme