Cuardaigh

Deontas um Leathnú Gnó

Tacaíocht deontais do ghnólachtaí beaga atá ag leathnú tar éis dóibh tosú, le suas le 50% de mhaoiniú nó €150,000 ar fáil.

Tá an Deontas um Leathnú Gnó ceaptha chun cabhrú le gnólachtaí ina gcéim fáis tar éis na chéad tréimhse tosaithe 18 mí. 

Féadfar deontais a bhronnadh ar thrádálaithe aonair, ar chomhpháirtíochtaí, nó ar chuideachtaí teoranta a chomhlíonann na critéir seo a leanas:

  • Ní féidir leis an bhfiontar níos mó ná deichniúr a fhostú.
    (I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh gnólachtaí a bhfuil 10 bhfostaí nó níos mó acu a bheith incháilithe — déan teagmháil le do chomhairleoir don Oifig Fiontair Áitiúil chun tuilleadh eolais a fháil.)
  • Ní mór an fiontar a bhunú, a chlárú agus a oibriú laistigh de shuíomh geografach na hOifige Fiontair Áitiúil.
  • Ní mór don fhiontar oibriú sa réimse tráchtála.
  • Ní mór don fhiontar margadh a léiriú don táirge nó don tseirbhís.
  • Ní mór don fhiontar acmhainneacht fáis a bheith aige i margaí intíre agus/nó easpórtála, agus acmhainneacht a bheith aige poist nua a chruthú.

Méid Deontais:
Is é an Deontas um Leathnú Gnó uasta atá iníoctha ná 50% den infheistíocht€150,000, cibé acu is lú.