Is éard atá i nDeontas Tosaigh ná deontas nua-thionscanta gnó atá ar fáil do mhicrifhiontair laistigh de na chéad 18 mí ó thosaíonn siad.
Critéir Incháilitheachta:
- Ní féidir leis an bhfiontar níos mó ná deichniúr a fhostú.
(I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh gnólachtaí a bhfuil 10 bhfostaí nó níos mó acu a bheith incháilithe — déan teagmháil le do chomhairleoir don Oifig Fiontair Áitiúil chun tuilleadh eolais a fháil.) - Ní mór an fiontar a bhunú, a chlárú agus a oibriú laistigh de shuíomh geografach na hOifige Fiontair Áitiúil.
- Ní mór don fhiontar oibriú sa réimse tráchtála.
- Ní mór don fhiontar margadh a léiriú don táirge nó don tseirbhís.
- Ní mór don fhiontar acmhainneacht fáis a bheith aige i margaí intíre agus/nó easpórtála, agus acmhainneacht a bheith aige poist nua a chruthú.
Méid Deontais:
Is féidir Deontas Tosaigh a bhronnadh ar chliaint incháilithe laistigh den chéad ocht mí dhéag tar éis dóibh an gnó a bhunú. Is é an deontas uasta atá iníoctha ná 50% den infheistíocht nó €150,000, cibé acu is lú.