Deontas Féidearthachta
Tá Deontais Staidéir Féidearthachta deartha chun cabhrú le tionscnóirí taighde a dhéanamh ar éileamh an mhargaidh ar tháirge nó ar sheirbhís agus scrúdú a dhéanamh ar a inbhuanaitheacht. Áirítear leis sin tacaíocht don nuálaíocht, amhail seirbhísí comhairliúcháin, saineolas fruilithe ó institiúidí tríú leibhéal nó ó speisialtóirí príobháideacha, agus dearadh nó forbairt fréamhshamhlacha.
Méideanna Deontais:
- Réigiún an Deiscirt agus an Oirthir: Suas le 50% den infheistíocht nó €15,000, cibé acu is ísle
- Réigiún na Teorann, an Iarthair agus Láir Tíre: Suas le 60% den infheistíocht nó €15,000, cibé acu is ísle
Catagóirí Caiteachais Incháilithe:
- Taighde Margaidh
- Costais Chomhairleachta
- Forbairt Theicniúil / Fréamhshamhail / Nuálaíocht
- Tuarastal / Taighde Saothair
- Costais Ilghnéitheacha