Cuardaigh

Clár Fiontraíochta do Mhic Léinn

Tacaíonn sé le mic léinn a ngnó féin a bhunú, a dhearadh agus a mhargú

Is clár oideachais fiontraíochta é an Clár Fiontraíochta Mac Léinn atá á reáchtáil ag Líonra Oifig Fiontair Áitiúil na hÉireann (OFÁnna)

Is iad na 31 Oifig Fiontair Áitiúil in údaráis áitiúla ar fud na tíre a sholáthraíonn an Clár Fiontraíochta Mac Léinn bliantúil, arna mhaoiniú ag Rialtas na hÉireann trí Fhiontraíocht Éireann, agus ghlac os cionn 28,000 mac léinn ó bheagán faoi bhun 500 meánscoil ar fud na tíre páirt ann in 2022 / 2023.  

Tugtar an deis do mhic léinn a ngnó a bhunú agus gach rud a dhéanfadh fiontraí fíorshaoil a dhéanamh. Tacaíonn an clár le mic léinn a ngnó féin a chruthú, a dhearadh agus a mhargú, le súil go sroichfidh siad an Cluiche Ceannais Náisiúnta. 

Foghlaim tuilleadh ag studententerprise.ie