Cuardaigh

Barainneach don Ghnó

Tá Barainneach don Ghnó ceaptha chun cliaint a spreagadh chun prionsabail ghnó Bharainneacha a ghlacadh ina n-eagraíochtaí chun feidhmíocht agus iomaíochas a mhéadú

Tá uirlisí agus teicnící barainneacha ag cabhrú le cuideachtaí ar fud an domhain aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna iomaíochais laistigh dá ngnólachtaí trí chumas a ndaoine a fhorbairt chun fadhbanna a shainaithint, oibríochtaí a fheabhsú agus eagraíocht níos nuálaí a chruthú. Go hachomair, baineann Barainneach don Ghnó le rudaí a dhéanamh níos gasta, níos fearr agus costais a shábháil. Tá i gceist le Barainneach don Ghnó fáil réidh le dramhaíl agus cuideachta a fheabhsú go leanúnach.  Is le haghaidh gach cuideachta é Barainneach don Ghnó, beag beann ar an earnáil – ní le haghaidh cuideachtaí déantúsaíochta amháin é.

Ligeann Barainneach don Ghnó do chliaint leas a bhaint as tacaíocht chomhairleachta le Saineolaí BARAINNEACH (cleachtóir cáilithe), a oibreoidh leis an gcuideachta chun prionsabail bharainneacha a thabhairt isteach, tabhairt faoi thionscadal coigilte costais ar leith, agus cabhrú leis an gcuideachta a feidhmíocht a thagarmharcáil. Cuidíonn clár OFÁ Barainneach don Ghnó leis an méid seo a leanas:   

  • saincheisteanna agus réimsí feabhsúcháin a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint
  • tacaíocht a chur ar fáil chun an méid seo a leanas a chur chun feidhme
  • coigilteas agus feabhsaithe ar chumas agus acmhainneacht cur chun feidhme a bhaint amach