Teacht ar Chomhairle: Tacaíonn Túschúrsa MI le cuideachtaí seirbhísí comhairleacha agus tacaíochta MI saineolaithe seachtracha a fháil chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna MI láithreacha. Mar shampla, taighde réamhealaíne chun tacú le Staidéar Féidearthachta Teicniúla Taighde, Forbartha agus Nuála (TF&N), Iniúchadh MI, paitinn a dhréachtú agus a chomhdú, trádmharc a chlárú etc.
Cén fheidhm atá leis?
- Costas ar sheirbhísí seachtracha comhairleacha agus tacaíochta um maoin intleachtúil, lena n-áirítear costais chun MI a fháil, a bhailíochtú agus a chosaint, más infheidhme.
Céard a chuirtear ar fáil?
Féadfar tacaíocht mhaoinithe a bhronnadh ar iarratasóirí a n-éireoidh leo suas le huasmhéid 80% de na costais incháilithe a bhfuil uasteorainn €6,250 leo (i.e. deontas uasta €5,000)
Cé dó a bhfuil sé?
- Gnólachtaí faoi úinéireacht Éireannach atá ag feidhmiú sna hearnálacha déantúsaíochta/seirbhísí a thrádáiltear go hidirnáisiúnta a fhostaíonn 10 nó níos mó.
- Cliaint Gnólachtaí Nuathionscanta Ardacmhainneachta (GNA) Fiontraíocht Éireann (FÉ)