Athluacháil ar Mhaoin Tráchtála (REVAL 2023)
Ar an 2 Meán Fómhair 2022, chúlghair an Coimisinéir Luachála, le cead ón Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, na hOrduithe Luachála a bhí ann cheana maidir le hathluacháil réadmhaoine tráchtála agus tionsclaíochta i gceantair Chomhairle Contae an Chláir, Dhún na nGall, Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, na Gaillimhe, Chiarraí, Mhaigh Eo agus Údarás Rátála Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.
Tar éis próiseas comhairliúcháin reachtúil a bheith curtha i gcrích idir an Coimisinéir Luachála, an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus na hÚdaráis Áitiúla ábhartha, tá orduithe luachála nua déanta ag an gCoimisinéir.
Chun tuilleadh eolais a fháil tabhair cuairt ar- Cartlann na dTreoracha agus na nDoiciméad maidir le Luacháil- Tailte Éireann
Téigh i dteagmháil lenár bhfoireann Rátaí
Luan - Aoine 09:00-17:00
Address
Rannóg na Rátaí
Áras an Chontae
Cnoc na Radharc
Co. Galway
H91 H6KX