Cuardaigh

Cur Amú Bia

<p>Conas do chur amú bia a bhainistiú agus a laghdú</p>

Ó mhí Eanáir 2024 i leith, tá gach teaghlach a bhfuil bailiúchán bruscair ar cholbha an chosáin acu i dteideal “araid dhonn” a fháil le haghaidh bia agus dramhaíola gairdín.    Déanann úinéirí tí a gcuid dramhaíola bia agus dramhaíola in-bhithmhillte a dheighilt agus an bosca bruscair a fhágáil amach mar chuid de sceideal bailithe dramhaíola ar cholbha an chosáin a mBailitheora Dramhaíola Údaraithe.   Ar an mbealach seo, seoltar dramhaíl bia chuig láithreán múirínithe nó gléasra díleá anaeróbach chun fuinneamh glas a dhéanamh.   Is féidir le gach tonna dramhaíola bia a athchúrsáiltear in ionad é a chur i líonadh talún cosc a chur ar thart ar leaththonna dé-ocsaíd charbóin dul isteach san atmaisféar.   Is gníomh dearfach aeráide é dramhaíl bia a dheighilt, mar sin déan do chuid féin trí do dhramhaíl bia a athchúrsáil.    

Cad is féidir liom a chur san araid dhonn:  

  • Gach cineál bia lena n-áirítear feoil agus iasc amh agus cócaráilte, fuílleach bia ó phlátaí, craicne torthaí agus glasraí, gránaigh agus arbhair, blaoscanna uibhe, málaí tae agus dríodar caife.
  • Is féidir bianna atá as dáta a chur san araid dhonn freisin.   Cuimhnigh gach pacáistiú bia a bhaint sula gcuireann tú bia sa bhosca bruscair.
  • Is féidir pacáistiú inmhúirínithe agus earraí le tabhairt leat amhail cupáin, babhlaí agus sceanra a chur san araid dhonn freisin.
  • I measc na n-earraí eile ar féidir dul isteach san araid dhonn tá naipcíní páipéir atá salach le bia, tuáillí páipéir atá salach le bia agus boscaí píotsa.
  • Dramhaíl gairdín amhail gearrthóga féir agus dramhaíl éadrom gairdín amhail gearrthóga, cipíní agus craobhacha beaga. 

Conas is féidir liom a sheiceáil an bhfuil an phacáistíocht in-mhúirínithe:  

Is caighdeán Eorpach é EN 13432 a shonraíonn na ceanglais maidir le hábhair agus táirgí pacáistíochta le go measfar iad a bheith in-bhithmhillte agus in-mhúirínithe. Is marc deimhniúcháin coitianta é lógó an “Síológ”, rud a léiríonn go bhfuil táirge deimhnithe mar in-mhúirínithe go tionsclaíoch de réir EN 13432. 

Conas is féidir liom dramhaíl bia a dheighilt agus a stóráil i mo theach:  

Is é an bealach is fusa chun dramhaíl bia a dheighilt agus a stóráil i do theach ná coimeádán beag bia a úsáid.   Is féidir leat málaí in-mhúirínithe a úsáid chun do choimeádán a líneáil agus é a choinneáil glan – nó is féidir leat é a líneáil le nuachtán nó málaí páipéir.   Nuair a bheidh an líneáil lán, ceangail snaidhm sa mhála agus cuir i d'araid dhonn é.    Tá treoir maidir do dhramhaíl bia a athchúrsáil ar fáil ag www.mywaste.ie anseo:

Conas is féidir liom cur amú bia a chosc:

Meastar gurb ionann 60% de bhia a chuirtear amú agus bia a cheannaíomar nó a chócarálamar ach nár itheamar – is dramhaíl bia inseachanta an 60% seo.  Is fearr cur amú bia a chosc ná déileáil leis an dramhaíl bia a tháirgimid.    Téigh chuig http://www.stopfoodwaste.ie/ chun comhairle a fháil maidir le cur amú bia a chosc.   Tá leideanna praiticiúla againn freisin maidir le dramhaíl bia a chosc agus múiríniú a dhéanamh faoinár n-ábhar “Cosc Dramhaíola”.    

Déan teagmháil lenár bhfoireann Chomhshaoil

Address

An Roinn Comhshaoil
Áras an Chontae
Cnoc na Radharc
Co. Galway
H91 H6KX

Phone numbers

Phone

Office hours

Sunday Closed
Monday - Friday 9:00 am - 4:00 pm
Saturday Closed