Gach bliain in Éirinn, cruthaímid 1 mhilliún tonna ar a laghad de dhramhaíl bia. Meastar go gcaitheann an meán-theaghlach amach níos mó ná aon trian den bhia a cheannaíonn siad gan úsáid, agus meastar go gcosnaíonn an bia seo idir €700 agus €1000 in aghaidh an teaghlaigh.
Seo roinnt leideanna praiticiúla duit chun tús a chur le dul i ngleic le do dhramhaíl bia agus airgead a shábháil sa phróiseas:
- Seiceáil a bhfuil agat i do chuisneoir agus i do chófra sula dtéann tú ag siopadóireacht le haghaidh bia, ionas nach ndéanann tú míreanna bia a dhúbailt.
- Pleanáil do bhéilí agus tabhair do liosta siopadóireachta leat chun nach gceannóidh tú bianna neamhriachtanacha agus nach ndéanfaidh tú tobcheannach ar chomhábhair nach n-úsáidfidh tú.
- Seachain an iomarca aráin, glasraí nó bainne a cheannach, arb iad na hearraí is coitianta a chaitear amach tar éis a ndáta ar fearr roimhe a bheith caite – nó bain úsáid níos fearr as do reoiteoir.
- Coinnigh fuílleach bia chomh híseal agus is féidir trí chócaráil a dhéanamh ar an méid atá uait amháin. Má tá fuílleach bia agat, déan iarracht an nós a dhéanamh fuílleach an lae inniu a úsáid le haghaidh lóin amárach – rogha lóin saor in aisce agus blasta!
- Eagraigh do bhia go rialta ag cur an bhia is sine chun tosaigh ionas go meabhrófar duit é a úsáid ar dtús nó é a chur sa reoiteoir.
- Bí cruthaitheach agus cócaráil fuílleach bia ó do chuisneoir i gcodanna aonair ar féidir leat a reo ionas go mbeidh rud éigin blasta le hithe agat i gcónaí! Ní chiallaíonn sé nach féidir anraith nó stobhach a dhéanamh as do ghlasraí sleabhctha, nach féidir bananaí donna a úsáid chun bácáil, agus nach féidir smúdáin a dhéanamh as do thorthaí brúite díreach toisc nach bhfuil cuma mhaith orthu!
- Má tá bia pacáistithe neamhoscailte agat atá fós maith agus nach n-úsáidfidh tú, cuir isteach i dtralaí do charthanachtaí áitiúla é, nó chuig do bhanc bia áitiúil nó seirbhís FoodCloud.
Tabhair cuairt ar http://www.stopfoodwaste.ie/ le haghaidh tuilleadh comhairle maidir le cosc a chur ar chur amú bia.