Cuardaigh

Clár na mBunscoileanna

<p>Tá sé mar aidhm ag clár na mBunscoileanna faisnéis agus comhairle faoi shábháilteacht dóiteáin a chur ar fáil do dhaltaí i rang a trí ar fud bhunscoileanna na Gaillimhe.</p>

Gach bliain, cuireann pearsanra seirbhíse dóiteáin atá oilte go speisialta ó gach limistéar briogáide clár na mBunscoileanna ar fáil do gach dalta i rang a trí i ngach ceann de na bunscoileanna i nGaillimh.

Tá na seisiúin eolais mar chuid de chlár náisiúnta dar teideal ‘Foireann Sábháilteachta’ atá deartha chun leanaí i rang a trí a mhúineadh conas a oiliúint a chur ar a dteaghlaigh faoi Shábháilteacht Dóiteáin agus faoi thithe agus pobail a chosaint ó dhóiteán.

Tá tábhacht ag baint leis an aois ag a bhfaigheann leanbh ceacht sábháilteachta dóiteáin. Léirigh taighde nach dtuigeann an leanbh an teachtaireacht go hiomlán má tá siad ró-óg agus, ar an dara dul síos, go bhféadfadh eagla a bheith ar an leanbh. Aithníodh leanaí 8 nó 9 mbliana d’aois, daltaí i rang a trí, mar dhaoine a bhí níos oscailte do theachtaireachtaí sábháilteachta dóiteáin agus tugadh faoi deara go raibh siad níos toilteanaí idirghníomhú lena dtuismitheoirí.

Táthar ag súil go ndéanfaidh leanaí scoile rannpháirteacha, mar chuid dá n-obair bhaile, idirghníomhú lena dteaghlaigh ar ghnéithe den chlár. Tugtar Seicliosta Sábháilteachta Baile do gach leanbh, agus ní mór do bhall teaghlaigh sa bhaile é a líonadh isteach. Is fianaise é an Seicliosta Sábháilteachta Baile comhlánaithe seo go bhfuil an phríomhtheachtaireacht maidir le sábháilteacht dóiteáin ag teacht isteach sa bhaile. Cuireann an t-idirghníomhú seo an fhadhb agus an réiteach le chéile san áit chéanna ag an am céanna, rud a fhágann go bhfuil sé níos dóichí go ndéileálfar go rathúil le haon saincheisteanna sábháilteachta dóiteáin sa bhaile.

Seo a leanas na hábhair atá san áireamh sa chlár: 

Na contúirtí a bhaineann le dóiteán agus an tábhacht a bhaineann le cosc bunúsach dóiteáin – Tugtar Seicliosta Sábháilteachta Baile do gach dalta.

  • An tábhacht a bhaineann le líon leordhóthanach brathadóirí/aláram dóiteáin atá feistithe i gceart agus a dhéantar tástáil orthu go rialta a bheith agat.
  • An tábhacht a bhaineann le seiceáil sábháilteachta rialta san oíche.  
  • An tábhacht a bhaineann le pleananna éalaithe agus cleachtaí rialta.
  • Na gníomhartha cearta atá le déanamh i gcás dóiteáin.
  • An nós imeachta ceart agus glaoch á chur ar na seirbhísí éigeandála agat.
  • Na contúirtí agus na hiarmhairtí a bhaineann le glaonna bréige agus le coirloscadh.
  • An tábhacht a bhaineann le teaghlach agus cairde a chur ar an eolas faoin oideachas seo.

De ghnáth, déanfaidh ball de Sheirbhís Dóiteáin na Gaillimhe teagmháil leis na bunscoileanna chun am agus dáta oiriúnach a shocrú do na daltaí chun an clár a chríochnú. Tá an clár deartha le go gclúdófar é i dtréimhse uair an chloig amháin.

Ba chóir d’aon scoileanna ar mhaith leo tuilleadh eolais a fháil teagmháil a dhéanamh le Seirbhís Dóiteáin agus Tarrthála na Gaillimhe ag fireservices@galwaycoco.ie