Cuardaigh

Tránna i gContae na Gaillimhe

Faisnéis ar ainmniúcháin trá agus ar limistéir shnámha i gContae na Gaillimhe.

Tá cuid de na tránna is pictiúrtha sa tír le fáil i gContae na Gaillimhe, lena chósta garbh agus a áilleacht nádúrtha iontach.  Cuireann na tránna seo meascán de thírdhreacha suaimhneacha, uiscí gléghlana, agus gnéithe geolaíocha uathúla ar fáil, rud a fhágann go bhfuil siad foirfe le haghaidh réimse gníomhaíochtaí, ó shiúlóidí suaimhneacha go spóirt uisce eachtrúla.  Tá réimse leathan tránna i gContae na Gaillimhe, ó thránna locha intíre go tránna cósta agus oileáin áille. 

Fodhlíthe Trá

Tá Fodhlíthe Trá Chontae na Gaillimhe ann ó 1997.  

Limistéir Shnámha Ainmnithe

Faoi dhlí na hEorpa agus na hÉireann, ceanglaítear ar údaráis áitiúla limistéir shnámha oifigiúla a ainmniú ina gceantar gach bliain ionas gur féidir monatóireacht a dhéanamh orthu maidir le sábháilteacht, cáilíocht uisce agus a leibhéal úsáide.   Más snámhóir rialta thú agus más mian leat togra a dhéanamh maidir le limistéar snámha ainmnithe i limistéar an údaráis áitiúil, déan teagmháil leis an Rannóg Comhshaoil. 

Agus suíomh nua á mholadh agat, ba cheart duit smaoineamh ar na nithe seo a leanas: 

  • Conas a úsáideadh do limistéar snámha go dtí seo
  • Cé mhéad duine a úsáideann an suíomh
  • Cad iad na háiseanna atá ann ar an suíomh agus cé chomh inrochtana atá sé
  • Aon saincheisteanna sábháilteachta 

Cáilíocht Uisce Snámha

Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe freagrach as cáilíocht an uisce a bhainistiú agus monatóireacht a dhéanamh uirthi ag limistéir shnámha ainmnithe, trí shocrú a dhéanamh go dtógfar samplaí uisce agus go ndéanfar anailís orthu i rith an tséasúir snámha.   Tá an fhaisnéis uile maidir le monatóireacht uisce snámha ar fáil ar https://www.beaches.ie/ áit ar féidir leat rochtain a fháil ar na sonraí foilsithe is déanaí maidir le cáilíocht uisce gach trá, atá rangaithe mar ‘iontach’, ‘maith’, ‘leordhóthanach’ nó ‘lag’.   

Tá na tránna ainmnithe i gContae na Gaillimhe don bhliain 2025 ar fáil anseo: 

Cathaoireacha rothaí trá agus seirbhísí garda tarrthála

Tá cathaoireacha rothaí trá ar fáil ag cúig cheann de na tránna brait ghoirm a luaitear thuas: 

Trácht Cinn Mhara, Céibh an Spidéil, An Trá Mhór Indreabhán, Cill Mhuirbhigh Inis Mór, agus Trá an Dóilín An Cheathrú Rua. 

Is féidir leat an Cathaoir Rothaí Trá a chur in áirithe trí ghlaoch a chur ar Bhothán an Gharda Tarrthála le linn uaireanta oscailte na ngardaí tarrthála.  Taispeántar laethanta agus amanna patróil na ngardaí tarrthála ar an gclár fógraí faisnéise ag gach Trá Brait Ghoirm. Le haghaidh tuilleadh eolais faoi shábháilteacht uisce agus an tseirbhís garda tarrthála, tabhair cuairt ar Seirbhís Chomhroinnte Tarrthála Trá Chontae agus Chathair na Gaillimhe | Comhairle Chontae na Gaillimhe

Déan teagmháil lenár bhfoireann Chomhshaoil

Address

An Roinn Comhshaoil
Áras an Chontae
Cnoc na Radharc
Co. Galway
H91 H6KX

Phone numbers

Phone

Office hours

Sunday Closed
Monday - Friday 9:00 am - 4:00 pm
Saturday Closed