Cuardaigh

Rialú Bruscair

Feasacht agus oideachas poiblí a chur chun cinn chun bruscar a bhainistiú agus a laghdú agus pobail níos glaine a spreagadh.

Bruscar agus an dlí:

Tugann an tAcht um Thruailliú Bruscair 1997 (arna leasú) cumhachtaí do Chomhairle Chontae na Gaillimhe chun fadhb an bhruscair agus dumpáil mhídhleathach inár gContae a chosc agus a rialú.

Tá an sainmhíniú ar bhruscar sách leathan agus síneann sé níos faide ná míreanna beaga dramhaíola a chaitear amach go míchuí amhail píosaí beaga páipéir nó bunanna toitíní, go míreanna níos mó, graifítí, comharthaíocht neamhúdaraithe, agus aon mhír eile a d’fhéadfadh a bheith gránna.     Seo a leanas cuid de na nithe a chumhdaítear sa reachtaíocht rialaithe:

  • Limistéir Phoiblí - Ní mór d’úinéirí nó do dhaoine atá freagrach as limistéir phoiblí an limistéar a choinneáil saor ó bhruscar.
  • Maoin Phríobháideach – Ní mór aon limistéar ar do mhaoin atá le feiceáil ó áit phoiblí a choinneáil saor ó bhruscar.
  • Siocracha Móra Bruscair – féadfaidh an Chomhairle fógraí a eisiúint chuig úinéir/áititheoir chun bruscar atá carntha ar a gcuid talún a bhaint agus gníomhú ina choinne mura gcomhlíontar an fógra.
  • Dumpáil mhídhleatach– Is cion é do dhramhaíl a dhumpáil go mídhleathach nó do dhramhaíl a thabhairt do bhailitheoir nach bhfuil ceadúnas bailí dramhaíola aige/aici.   Má fheiceann tú duine ag dumpáil dramhaíola go mídhleathach, ba chóir duit an scéal a thuairisciú dúinn le haghaidh imscrúdaithe agus gníomhaíochta forfheidhmithe.
  • Mórimeachtaí– Ceanglaítear ar thionscnóirí nó ar eagraithe mórimeachtaí a chinntiú go bhfuil bearta rialaithe bruscair i bhfeidhm ag an ionad agus sa cheantar máguaird roimh agus i ndiaidh an imeachta.
  • Asraonta Bia Soghluaiste – Ní mór d’oibreoirí boscaí bruscair a sholáthar agus aon bhruscar a thagann laistigh de 100 méadar óna n-asraonta a ghlanadh suas.
  • Póstaeir agus Comharthaí - tá sé mídhleathach póstaeir nó comharthaí a chrochadh ar chuaillí nó ar struchtúir eile in áiteanna poiblí gan cead an úinéara.
  • Bileoga Fógraíochta - tá cosc ar bhileoga fógraíochta a dháileadh ar ghaothscáthanna gluaisteán.   Ní mór duit seiceáil leis na húdaráis áitiúla maidir le haon srianta áitiúla ar bhruscar sula ndéantar iad a dháileadh ar shráideanna.
  • Bruscar a Chur i Láthair: Tá cur i láthair cuí bruscair riachtanach chun bruscar a chosc, agus níor cheart do bhruscar a chur amach le bailiú ach amháin ar maidin an lae bailiúcháin. 

Forfheidhmiú: 

Is cion faoin Acht um Thruailliú Bruscair 1997 arna leasú bruscar a fhágáil nó a chaitheamh in áit phoiblí nó in aon áit atá le feiceáil ó áit phoiblí.   Gearrfar fíneáil €150 ar an toirt ar aon duine a aithnítear a bheith ag caitheamh bruscair.   Mura n-íoctar an fhíneáil laistigh de 21 lá, féadfaidh Comhairle Chontae na Gaillimhe caingean dlí a thionscnamh tríd an gcóras cúirte, áit a bhfuil an fhíneáil uasta €4,000 sa chúirt chomh maith le haon chostais a thabhaíonn an Chomhairle agus an cás á thógáil aici.   

Plean Bainistíochta Bruscair

Tá sé de dhualgas ar Chomhairle Contae na Gaillimhe Plean Bainistíochta Bruscair a ghlacadh dá limistéar.  Leagtar amach sa phlean seo ár gcuspóirí chun bruscar a chosc agus a rialú, agus chun feasacht an phobail a mhúscailt maidir le bruscar agus a thionchar ar an gcomhshaol.   

Glacadh lenár bPlean Bainistíochta Bruscair reatha 2023 – 2025 ar an 26 Iúil 2023 agus leagann sé amach céimeanna réamhghníomhacha chun bruscar a chosc agus a rialú i gcomhpháirtíocht le grúpaí pobail agus deonacha áitiúla.   

Déan Dumpáil Mhídhleathach a Thuairisciú

Is féidir dumpáil mhídhleathach a thuairisciú don Rannóg Comhshaoil, agus déileálfar le gach gearán faoi rún.   Agus tú i dteagmháil linn, tabhair an oiread eolais agus is féidir leat, mar shampla, faoi chineál an ghearáin, cibé acu dumpáil mhídhleathach, carnadh dramhaíola ag maoin, easpa bailitheora dramhaíola nó bailitheoir dramhaíola mídhleathach, dó dramhaíola etc. atá i gceist.   Chomh maith leis sin, bí cinnte an suíomh cruinn a thabhairt dúinn, lena n-áirítear Éirchód más féidir.   

Comhlánaigh agus cuir isteach an Fhoirm Ghearáin Chomhshaoil seo a leanas le do thoil, agus na sonraí go léir á gcur san áireamh:

Tionscnaimh um Fheasacht ar Bhruscar:

Cuirimid feasacht chun cinn maidir le truailliú bruscair ar fud ár gcontae trí réimse feachtas, poiblíochta, imeachtaí agus clár a mbíonn baint dhíreach acu le pobail agus le grúpaí atá ag feidhmiú ar leibhéal áitiúil.    Is é an cuspóir foriomlán feasacht a mhéadú ar an tionchar diúltach a bhíonn ag bruscar agus dumpáil ar ár dtimpeallacht, agus cleachtais bainistíochta dramhaíola a fheabhsú agus acmhainní nádúrtha agus áilleacht ár gContae á gcosaint ag an am céanna. 

I measc cuid de na tionscnaimh a reáchtálaimid tá: - 

  • Teachtaireachtaí Frithdhumpála ar 15 veain de chuid na Maor Pobail
  • Comórtas Póstaer Frithbhruscair do scoileanna
  • Clár na Scoileanna Glasa
  • Picker Pals i Scoileanna Náisiúnta
  • Clár Ambasadóir Frithbhruscair
  • Siúlóirí Glasa Madraí
  • "Má Chácann siad, Scaobann tú!" Feachtas in aghaidh salú ag madraí
  • Dáileoirí Mutt Mitt
  • Gléasanna Fuaime le teachtaireacht Frith-Bhruscair ag suíomhanna fadhbacha
  • Greamáin ar Ionaid Fág Anseo
  • Comharthaíocht ar Thaobh an Bhóthair
  • Comharthaíocht trá
  • An Feachtas Glan an Trá #2 Nóiméad
  • Laethanta feasachta trá
  • Comharthaíocht reilige
  • Comharthaíocht ar thaobh na páirce spóirt
  • Feachtas maidir le bruscar guma
  • Feachtas Bunanna Toitíní
  • Fógraí raidió
  • Fógra Pictiúrlainne
  • Tacaigh le bailiúcháin earraí leictreacha WEEE Ireland
  • Lean torthaí an Chórais Náisiúnta Monatóireachta ar Thruailliú Bruscair
  • Tacaigh le Glantacháin Náisiúnta an Earraigh agus le glantacháin phobail leanúnacha
  • Tacaigh le tionscnaimh bhainistíochta dramhaíola mywaste.ie
  • Tacaigh le Clár na mBailte Slachtmhara
  • Tacaigh leis an bhfeachtas Leave No Trace 

Déan teagmháil lenár bhfoireann Chomhshaoil

Address

An Roinn Comhshaoil
Áras an Chontae
Cnoc na Radharc
Co. Galway
H91 H6KX

Phone numbers

Phone

Office hours

Sunday Closed
Monday - Friday 9:00 am - 4:00 pm
Saturday Closed