Ráiteas príobháideachais
Is muide Rannóg na Seirbhísí Comhshaoil de chuid Chomhairle Chontae na Gaillimhe, agus is é ár misean an comhshaol a chosaint, a fheabhsú, a chur chun cinn agus a chaomhnú ar mhaithe le cáilíocht bheatha, chultúr agus oidhreacht na nglún atá ann sam am i láthair agus atá le teacht.
Tá príomhról ag Seirbhísí Comhshaoil i gcosaint agus i bhfeabhsú na timpeallachta nádúrtha, chomh maith le soláthar seirbhísí comhshaoil ar ardchaighdeán i gContae na Gaillimhe. Táimid freagrach as déileáil le breis is 100 píosa reachtaíochta comhshaoil agus tá réimse leathan feidhmeanna comhshaoil againn lena n-áirítear bainistíocht dramhaíola, bainistíocht bruscair, cáilíocht uisce abhann agus locha, rialú madraí, feasacht chomhshaoil agus sábháilteacht bia.
Chun an raon seirbhísí is éifeachtaí agus is spriocdhírithe a sholáthar chun freastal ar riachtanais shaoránaigh, phobail agus ghnóthaí Chontae na Gaillimhe beidh orainn cineálacha áirithe faisnéise faoi dhaoine agus eagraíochtaí a bhailiú, a phróiseáil agus a úsáid.
Ag brath ar an tseirbhís atá á lorg nó á soláthar, féadfaidh an fhaisnéis a iarrtar sonraí pearsanta a áireamh, mar atá sainmhínithe sna hAchtanna um Chosaint Sonraí agus sa Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS), agus d’fhéadfadh sí a bheith bainteach le húsáideoirí seirbhíse reatha, roimhe seo agus amach anseo; iarfhostaithe, fostaithe reatha agus ionchasacha; soláthraithe; agus baill den phobal a fhéadfaidh dul i mbun cumarsáide lenár bhfoireann. Ina theannta sin, d’fhéadfadh go n-iarrfaí ar an bhfoireann, ó am go chéile, cineálacha áirithe sonraí pearsanta a bhailiú, a phróiseáil agus a úsáid chun ceanglais rialála nó reachtacha a chomhlíonadh.
Úsáidfimid an fhaisnéis seo chun:
- Ár bhfeidhmeanna agus dualgais reachtúla mar údarás áitiúil a chomhlíonadh, mar atá leagtha amach i bhforálacha reachtúla éagsúla.
- Chun d’iarratas a phróiseáil maidir le agus/nó chun aon cheann dár seirbhísí a sholáthar duit de bhun ár bhfeidhmeanna agus ár n-oibleagáidí reachtúla.
- Cumarsáid a dhéanamh go héifeachtúil agus go héifeachtach leat mar chuid dár gcaidreamh leat.
- Dlíthe dramhaíola/truaillithe bruscair a fhorfheidhmiú (mar shampla, trí fhíneálacha a eisiúint as dumpáil mhídhleathach, etc.)
- Chun faisnéis a sholáthar faoinár seirbhísí, sa chás gur chláraigh tú lena leithéid a fháil.
- Gearáin a fhaightear faoinár seirbhísí a imscrúdú.
- An dlí sláinte agus sábháilteachta agus oibleagáidí dlíthiúla eile a chomhlíonadh.
Féach ar an Ráiteas Príobháideachais do Riarachán na Roinne Comhshaoil anseo:
Déan teagmháil lenár bhfoireann Chomhshaoil
Address
An Roinn Comhshaoil
Áras an Chontae
Cnoc na Radharc
Co. Galway
H91 H6KX