Is éard atá i gceist le dó dramhaíola ná tinte ísealteochta nach bhfaigheann mórán ocsaigine agus a tháirgeann méideanna suntasacha deataigh thruaillitheacha dá bharr. Is féidir le dó den sórt sin truailleáin dhíobhálacha agus tocsaineacha a scaoileadh ar féidir leis an bpobal iad a ionanálú agus drochthionchar sláinte a imirt orthu.
Is féidir le dó mídhleathach dramhaíola réimse cásanna a chumhdach, lena n-áirítear:
- Sealbhóirí tí a dhónn dramhaíl lasmuigh ina n-áitreabh féin ar a dtugtar ‘dó sa chúlchlós’ freisin.
- Dó géaga crann gearrtha, bearradh fálta, nó dramhaíl ghlas eile a eascraíonn as oibreacha tírdhreachaithe/garraíodóireachta.
- Dó dramhaíola ó láithreáin tógála amhail dramhaíl plaisteach agus cairtchlár.
- Dó dramhaíola in áiseanna tráchtála/tionsclaíocha.
- Dó dramhaíola tí i dtinte oscailte nó i bhfearais bhreosla sholadaigh eile laistigh den teach.
Is cion faoin reachtaíocht seo a leanas é dramhaíl a dhó:
- An tAcht um Bainistiú Dramhaíola 1996 arna leasú
- An tAcht um Thruailliú Aeir 1987
- Na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Cosc ar Loscadh Dramhaíle) 2009 I.R. 286/2009
- Na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Cosc ar Loscadh Dramhaíle) (Leasú) 2020 I.R. Uimh. 51/2022
- Na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Cosc ar Loscadh Dramhaíle) (Leasú) I.R. Uimh. 16/2023
Dramhaíl Ghlas Tí:
Tá sé mídhleathach dramhaíl tí a dhó sa bhaile nó i do ghairdín. Féadfar fíneáil suas le €3,000 nó príosúnacht 12 mhí a ghearradh ort má fhaigheann tú ciontú achomair i gCúirt Dúiche.
Dramhaíl Ghlas Talmhaíochta:
Tar éis deireadh a chur leis an díolúine maidir le dramhaíl ghlas talmhaíochta a dhó ag feirmeoirí, ní mór d’fheirmeoirí cleachtais inbhuanaithe mhalartacha a ghlacadh chun dramhaíl ghlas talmhaíochta a bhainistiú. Chun comhairle a fháil maidir leis na cleachtais seo, íoslódáil an Treoir seo a leanas:
Déan teagmháil lenár bhfoireann Chomhshaoil
Address
An Roinn Comhshaoil
Áras an Chontae
Cnoc na Radharc
Co. Galway
H91 H6KX